Agus do ṫóg Dáiḃi altóir ann sin don TIĠEARNA, agus do íoḋbair ofrála loisge agus ofrála síoṫċána. Mar sin do fríṫ an TIĠEARNA re a ġuiḋe ar son na dúiṫċe, agus do coisceaḋ an ṗiáiġ ó Israel.
Ar a naḋḃarsin a duḃradar a ṡearḃḟoġantuiġiḋ ris, Iarṫar dom ṫiġearna an ríġ maiġdion óg: agus seasaḋ sí as coinne an ríġ, agus déanaḋ sí friṫeolaṁ ḋó, agus luiġeaḋ sí iona ḃrollaċ, ċor go ḃfuiġe mo ṫiġearna an ríġ teas.
Láeṫe ar mbliaḋna is deiċ mbliaḋna agus trí fiṫċid íad; agus má ḃid tre neart ceiṫre fiṫċid, is sáoṫar agus dioṁaoineas a neart; oir géarrṫar amaċ é go deiṫniosaċ, agus teiṫmíd roṁuinn.
Annois do ḃí Iosua sean, agus ársuiḋ, a mblíaḋnuiḃ; agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Atá tusa foirfe agus ársuiḋ a mbliaġnuiḃ, agus atá fós roṁóran talṁan re sealḃuġaḋ.