Agus a duḃradar ris, Is marso a deir Heseciah, Is lá buáiḋearṫa, agus bagair, agus blasṗémiġ an láso: óir ṫangadar na leiniḃ a náit a mbeirṫe, agus ni ḃfuil neart ar a mbreiṫ.
Can, a aimrid, ṫusa naċ rug; bris amaċ a ccéol, agus fúagair ós áird, ṫusa naċ raiḃ re nioḋnuiḃ: óir is mó clann na haonránuiġ ná clann na mná pósta, a deir an TIĠEARNA.
Ag breiṫe leiniḃ do ṁnáoi, bí sí a bpéin, óir ṫáinig a huáir: aċd tar éis leiniḃ do ḃreiṫ ḋi, ní ċuiṁniġeann sí a doilġeas ní as foide, lé gairdeaċus go rugaḋ duine ċum an tsáoġuil.