¶ Tuilleaṁ oile a deir an TIĠEARNA, Do ċionn go ḃfuilid inġeana Sion uallaċ, agus go siuḃluiġid lé muinealuiḃ sínte amaċ agus le súiliḃ míonáireaċ, ag imṫeaċd agus ag gearraḋ mar imṫiġid, agus ag déanaṁ fuáime le na ccosuiḃ:
Oír do ċlos gúṫ caóinte amaċ as Sion, Ciondus atámaoid sladṫa! atámaoid air ar ndíoṫuġaḋ go mór, do ḃríġ gur ṫréigeamar an tír, do ḃríġ gur ṫeilgeadar ar náite amaċ sinn.
Giḋeaḋ éistiġ re gúṫ an TIĠEARNA, siḃsi a ṁná, agus glacaḋ ḃur cclúas focal a ḃéil, agus múiniġ cáoineaḋ dá ḃur ninġeanuiḃ, agus gaċ áon dá ċoṁarsoin núallġúḃa.
Isí so an ċaṫair lúaṫġáireaċ do ċoṁnuiġ neaṁċúramaċ, a duḃairt iona croiḋe, Atáimse, agus ní ḃfuil ann aċd mé: cionnus do rinneaḋ fásaċ ḋí, na háit aig beaṫaċaiḃ ċum luiġe síos innte! gaċ uile duine ġaḃus láiṁ ría déana sé feadalaċ, agus croiṫfiḋ a láṁ.
An ḃean ṁáoṫ ṁaiseaċ ḃías ḃur measc, naċ luaiġfeaḋ bonn a coisi do ḃuain ré taluṁ lé fínialtas, agus lé riṁeiġe biáiḋ a súil go holc a ttaoḃ ḟír á brolluiġ, agus a ttaoḃ a mic, agus a ttaoḃ a hinġine,
¶ Agus a nuáir do ionnsiodar sin do Iotam, do ċuáiḋ sé agus do ṡeas sé a mullaċ ṡléiḃe Gerisim, agus do árduiġ sé a ġuṫ, agus dó eiġ sé, agus a duḃairt ríu, Eistiġ riomsa, a ṁuinntir Sċeċem, ċor go néistfe Día riḃsi.