Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Isaiah 26:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Annsa ló sin cánfuiġṫear an ċainticsi a ttir Iúdah; Atá caṫair ḋaingean aguinn; cinnfiḋ Día slánuġaḋ mar ḃallaḋa agus mar ṗortaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Isaiah 26:1
34 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ní cluinfiġear foiréigion ann do ṫír ní sa ṁó, fásuġaḋ nó aiḋṁilleaḋ táoḃ a stiġ dot ṫéorannuiḃ; aċt goirfiḋ tú dot ḃallaḋuiḃ Slánuġaḋ, agus dot ġeataḋuiḃ Molaḋ.


Féuċ, dfúagair an TIĠEARNA go críoċuiḃ na talṁan, Abraiḋse re hinġin Ṡion, Féuċ, atá do ṡlánuġaḋ ag teaċt; féuċ, atá a luáiḋeaċt leis, agus a obair roiṁe.


Oírbíaiḋ misi, a deir an TIĠEARNA, am ḃalla teineaḋ ḋi timċoill fa ccuáirt, agus biáiḋ mé am ġloír iona lár.


Gúṫ na lúaṫġáire, agus gúṫ an ġáirdeaċuis, gúṫ a nfir núaḋṗósta, agus gúṫ na mná núaḋṗósta, gúṫ na druinge a déarus, Moluiḋ TIĠEARNA na slóġ: óir is maiṫ an TIĠEARNA; óir mairiḋ a ṫrócaire go bráṫ: agus na druinge do ḃeir íoḋbuirt ṁolta go tiġ an TIĠEARNA. Oir do ḃéara misi fa deara braiġdionas na tíre diompóġ mar do ḃí ó ṫus, a deir an TIĠEARNA.


Agus a déarṫar annsa lósin, Féuċ sé so ar Ndía; do ḟeiṫeamar air, agus sláineoċa sé sinn: sé so an TIĠEARNA; do ḟeiṫeamair air, agus bíam lúaṫġaireaċ agus gáirdeoċum iona ṡlánuġaḋ.


Siuḃail timċioll Ṡion, gaḃ fá ccuáirt na timċioll: áiriṁ a tuir.


Go maḋ beannuiġ an TIĠEARNA: óir do rínne sé a ċinéul ro iongantaċ ḋaṁsa a ccaṫruiġ ḋaingin.


Agus a deirimsi riot, Gur ab tusa Peadar, agus gur ab ar an gcarruicsi ṫóigeaḃus misi méagluis féin; agus naċ béaruid geatuiḋe ifeirn búaiḋ uirrṫe.


Agus annsa ló sin déaras tusa, A ṪIĠEARNA, molfa mé ṫú: má tá go raiḃ tú feargaċ riom, do filleaḋ ṫfearg uáim, agus do ċoṁḟurtuiġ tú mé.


Canfad a nois dom ḟíorġraḋaċ caintic mo ġráḋ a ttáoḃ aḟíneaṁna. Atá fineaṁuin ag mo ġráḋ a ccnoc ro ṫóirṫeaċ:


Ann sa ló sin teilgfiḋ duine a ioḋuil airgid, agus a ioḋail óir, noċ do rinne ḋó féin dá naḋraḋ, ċum na moḃlaḋ agus ċum na míoltóg leaṫair;


Uiṁleoċṫar féaċuin árd an duine, agus cromfuiġear síos uáill na ndaoine: agus sé an TIĠEARNA aṁáin áirdeoċar an lá sin.


Agus do ċanadar le ċéile fa seaċ ag molaḋ agus ag taḃairt buiḋeaċuis don TIĠEARNA; do ḃriġ go ḃfuil sé maiṫ, agus go mairionn a ṫrócaire Disrael go bráṫ. Agus do ġáireadar an pobal uile lé gáir ṁoir, a nuáir do ṁoladar an TIĠEARNA, do ḃríġ gur ṡuiġeadar bunáit ṫiġe an TIĠEARNA.


¶ Annsin do ċán Israel an ċainticsi, Tibir a nsíos, a ṫobair; freagruiḋsi ḋó:


¶ Annsa ló sin bíaiḋ beangan an TIĠEARNA sgíaṁaċ agus glórṁar, agus biaiḋ toraḋ na talṁan oirḋeirc agus cuḃaiḋ den ṁéid raċus as do Israel.


Nuáill, a ġeata; éiġ, a ċaṫair; ṫusa, a Ṗalestína uile, atá tú sgaóilte: óir tiucfa deataċ ón tuáisgeart, agus ní ḃía áon na áonar ar uáiriḃ cinnte.


Mar éunuiḃ ag eitiolluiġ, is mar sin ċuiṁdeoċus TIĠEARNA na slóġ Ierusalem; agá cuṁdaċ fós sáorfa sé í, agus gaḃáil ṫairis cuiṁdeoċuiḋ sé í.


Agus raċaiḋ sé anonn dá ionad didin lé heagla, agus béid a ṗrionnsaḋa eaglaċ roiṁe an mbratuiġ, a deir an TIĠEARNA, a ḃfuil a ṫeiniḋ a Síon, agus a ḟuirnís ann Ierusalem.


Atá an TIĠEARNA ar na arduġaḋ; óir áitreaḃuiḋ sé ar árd: do líon sé Síon lé breiṫeaṁnus agus lé fíréantaċd.


Agus eágna agus eólus ḃus coṫuġaḋ dot aimsearuiḃsi, agus neart slánuiġṫé: isé eagla an TIĠEARNA a ionnṁus.


Do ḃéara mé ḋóiḃsinn ann mo ṫiġ agus táoḃ a stiġ dom ḃalluiġiḃ áit agus ainm is feárr ná do ṁacaiḃ nó dinġeanuiḃ: do ḃéara mé ḋóiḃ ainm síorruiḋe, naċ geárrfuiġear amaċ.


¶ Eirgiḋ ṫríd, éirgiḋ ṫríd na geataḋuiḃ; ullṁuiġiḋ sliġe an ṗobail; teilgid súas, teilgiḋ súas an tsliġe ṁór; cruinniġiḋ amaċ na cloċa; tógḃuiḋ súas brataċ don ṗobal.


Agus féuċ balla don taóiḃ amuiġ don tiġ timċioll fa ccuáirt, agus a láiṁ an duine slat ṫoṁais sé cuḃaid ar fad, leis an ccnáṁruiġeaḋ, agus leiṫead bais: marsin do ṫoṁais sé leiṫne an tiġe, áon slat; agus a áirde, áon slat.


Oír, féuċ, do ċruinniġeadar na ríġṫe, agus do ġaḃadar ṫort le ċéile a néinḟeaċd.


Oír, féuċ, croiṫfiḋ misi mo láṁ orra, agus béid nanéadáil dá ṡeirḃíseaċaiḃ: agus aiṫeontáoi gur bé TIĠEARNA na slóġ do ċuir úaḋ mé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ