Aṁairg do ċoróin a núaḃair, dfearuiḃ meisce Eṗraim, noċ ar ḃláṫ diombúan a sgíaṁ ġlórṁar, noċ atá ar ċeann na ngleann méiṫ an drong air a rug an fíon buáiḋ!
Atá an talaṁ ag caói agus ag seargaḋ: atá Lebanon náireaċ agus ar na ġearraḋ síos: atá Sáron cosṁail ré díoṫraṁ; agus croiṫiḋ Basan agus Carmel a ttóirṫe ḋíoḃ.
Aċt atámaóid uile aṁuil neaṁġlan, agus atáid ar nionnracus uile aṁuil ceirteaċa salċa; agus seargamaoid uile aṁuil duilléog; agus rugadar ar bpeacuiḋ leó sinn cosṁuil ris an ngaóiṫ.
Gá fad ḃías an tír ag caói, agus luiḃ gaċ áonṁaġa ag críonaḋ, do ḃríġ uilc na druinge ċoṁnuiġeas ionnta? do caiṫeaḋ na beaṫuiġe, agus na héin; do ḃríġ go ndúḃradar, Ní ḟaicfiḋ sé ar ccríoċ ḋeiġionaċ.
Is uime so ċaóiḋfios an talaṁ, agus béid na neaṁa ṡúas dúḃ: do ḃríġ go ndúḃairt misi é, do ṫionnscuin mé é, agus ní buḋ haiṫreaċ liom, ní mó ḟillfiod ar mais úaḋ.
Caóinid sliġṫe Ṡion, do ḃríġ naċ ttíg duine ar biṫ ċum a nféusta ṡollamonta: atáid a huile ġeataḋa uáigneaċ: osnuiġid a sagairt uile, atáid a maiġdiona píanta, agus atá sí féin a searḃus.
Uimesin caóiḋiḋ an dúṫaiġ, agus anḃfainfiġ gaċ uile ḋuine dá ccoṁnuiġionn inte, maille re beaṫaċaiḃ an ṁaġa, agus éanlaiṫ neiṁe; fós, béarṫar as mar an ccéadna uile éisc na fairge.