Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Isaiah 24:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Foilṁeoċṫar an tír lé ċéile, agus millfiġear ṫríd amaċ í; óir a dúḃairt an TIĠEARNA an focalso.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Isaiah 24:3
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ċoiṁlíonaḋ bréiṫre an TIĠEARNA a mbéul Ieremiah, nó go ccoṁnuiġeaḋ an tír anna sábboidiġ: óir ar fad do ḃí sí uaigneaċ do ċoiṁéid sí sábóid, do ċoiṁlíonaḋ deiċ mblíaḋan agus trí fiṫċid,


Agus laiġdeoċṫar an ṁeid ḟúigfiḋṫear duiḃir na soiġdeóireaḋ, daóine árraċda ċloinne Cedair: óir do laḃuir an TIĠEARNA Día Israel é.


Annsa ló sin, ar sa TIĠEARNA na slóġ, áṫroċṫar an tairnge atá daingion annsa náit ḋaingin, agus geárrfuiġear síos é, agus tuitfiḋ sé; agus teilgfiġear an túalaċ ḋe do ḃí air: óir do laḃair an TIĠEARNA é.


Feuċ, do ní an TIĠEARNA an talaṁ folaṁ, agus do ní fásaċ ḋe, agus iompóiġiḋ sé bunascionn é, agus scáruiḋ sé a ḋúṫċusaiḋ ó ċéile.


Agus aṁuil mar ḃías, ag an bpobái, is mar sin ḃías ag an tsagart; agus mar ḃías ag an tseirḃíseaċ, seaḋ ḃías ag an maiġistir; mar ḃías ag an ccailín, seaḋ ḃías ag an maiġistreás; mar ḃías ag an cceannuiġe, mair sin ḃías ag an reacadóir; mar ḃías ag a náirlicṫeaċ, is mairsin ḃías ag an té áirlicṫeas; mar ḃías ag an té ġlacas a núsúireaċd, is mairsin ḃías ag an té ḃeir a núsúireaċt dó.


Caóiḋiġ an talaṁ agus seargaiḋ sé, anḃfainniġ an doṁan agus meaṫaiḋ sé, anḃfuinniġid daóine móra an doṁuin.


Aċt is daóine íadso sladṫa agus creaċta; atáid síad uile gaḃta a bpollaiḃ, agus atáid a ḃfoláċ a ttiġṫiḃ príosúin: atáid síad na ccreiċ, agus ní ḃfuil áon dá ttárṫáil; mar éadáil, agus ní abaír áon, Aisig.


Agus do ḋéana mé fásaċ ḋi: ní ḋeiseoċṫar, agus ní róṁarṫar í; aċt fásfaiḋ a níos drise agus dosáin: agus fós fuáigeora mé do na néulluiḃ go naċ ḃfearfuid fearṫuinn uirre.


Annsin a dúḃairt misi, a ṪIĠEARNA, ga fad? Agus do ḟreagair seision, Nó go ḃfásuiġṫear na caiṫreaċa gan áitreaḃaċ, agus na tiġṫe gan fear, agus go mbía an talaṁ ṫríd amaċ na ḟásaċ.


¶ Eístiġsi, agus tugaiḋ clúas; ná bíṫí uáiḃreaċ: óir do laḃair an TIĠEARNA.


Uimesin, a ṡléiḃte Israel, éistiġ bríaṫar an Tiġearna DIA; Is marso a deir an Tiġearna DIA ris na sléiḃtiḃ, agus ris na cnocaiḃ, ris na haiḃniḃ, agus ris na gleantaiḃ, ris na fásuiġiḃ uáigneaċa, agus ris na caiṫreaċaiḃ do tréigeaḋ, noċ do ḃí na ccreiċ agus na magaḋ don ċuid oile do na geintiḃ noċ atá iona ttimċioll fa ccuáirt;


¶ Annsa lósin tóigfe duine cosaṁlaċd ḃur naġaiḋ, agus caoiḋfiḋ maille re caói ṫruáiġṁéile, agus a déaruid, Atámaoid millte go hiomlán: do ṁalairt sé coṁroinn mo ṗobail: ciondus do áṫruiġ sé uáimse é! do roinn sé ar maċaireaḋ uáinn, noċ do ṡáoileamar haiseogaiḋ ḋúinn féin


Aċt suiġfiḋ gaċ uile ḋuine fáoi na ḟíneaṁuin agus fáoi na ċrann fíge féin; agus ní ċuirfe duine ar bioṫ eagla orra: óir isé béul TIĠEARNA na sloġ duḃairt é.


Agus gur ruiḃ agus salann, agus loscaḋ a ḟearann uile, go naċ ccuirfiġear í, agus naċ ttiuḃra toraḋ, no naċ ḃfásann luiḃ ar biṫ uirre, do réir ṁillte Ṡodom, agus Ġomorrah, Admah, agus Ṡeboim, noċ do ṁill an TIĠEARNA iona ḟeirg, agus íona ḋioġultas:


Agus do ṫoċuil an TIĠEARNA amaċ as an ccríċsi íad a ḃfeirg, agus a ndioġaltas: agus a ndíḃfeirg ṁoir, agus do ṫeilg a ttír oile íad, mar atá a niuġ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ