3 Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Aṁuil mar do ṡiuḃluiġios mo ṡearḃḟoġantuiġe Isaiah noċduiġ agus gan ċoisḃeirt trí blíaḋna mar ċoṁarṫa agus mar iongnaḋ ar a Négipt agus ar a Netíopia;
Agus do ċúaluiḋ sé ḋa ráḋ a ttaóiḃ Ṫirhacah ríġ na Hetíopia, Ṫáinic sé amaċ do ċogaḋ riotsa. Agus a nuáir do ċúala sé sin, do ċuir sé teaċda go Heseciah, ġa ráḋ,
Ann a raḋarcsan ḃearas tú leaċd é air do ġuáilliḃ, agus iomċóra tú amaċ é annsa tráṫnóna: foileoċa tú haġaiḋ, ċor naċ ḃfaicfe tú an talaṁ: óir do ċuir misi mar ċoṁarṫa do ṫiġ Israel ṫú.
Agus tiucfuiḋ an cloiḋeaṁ air a Négipt, agus biáiḋ pían ṁór san Netíopia, an tan ṫuitfid na mairḃ san Négipt, agus ḃéaruid léo a hiomadaṁlaċt, agus ḃristiġear síos a bunáite.
Is marso a deir an TIĠEARNA; Tuitfiḋ fos an drong ċongṁus súas an Négipt; tiucfuiḋ úaḃar a cuṁaċt a núas; tiutfid síad innte leis an ccloiḋeaṁ ó ṫor Siene, a deir an Tiġearna DIA.
Tuilleaṁ oile gaḃ ċugad oiġeann íaruinn, agus suiġiḋ é mar ḃalla íaruinn eadrad agus an ċaṫair: agus cuir haġaiḋ leaṫ ris, agus ionnsuiġeoċṫar é, agus cuirfiḋ tú armáil na haġaiḋ. Biáiḋ so mar ċoṁarṫa do ṫiġ Israel.
¶ Eisd anois, a Iosuah a ardṡagairt, ṫú féin, agus do ċoimpánuiġ ṡuiġios as do ċoinne: óir is daóine da ndéantar iongnaḋ íad: óir, féuċ, do ḃéara misi amaċ mo ṡeirḃíseaċ, an BEANGAN.
Do réir uiḃre na laéṫeaḋ a raḃáḃair ag féuċuin a nfearuinn, ceaṫraċad lá, (gaċ éanlá ar son blíaḋna,) iomċorṫáoi ḃur néicceart, sé sin ceaṫraċad blíaḋan, agus aiṫeontáoi mo ḃriseaḋ geallaṁnasa.