Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Isaiah 2:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus tiucfa a ccríċ annsna láeṫiḃ deiġionaċa, go ndaingneoċṫar slíaḃ ṫiġe an TIĠEARNA a mullaiġ na slíaḃ, agus go ttóigfear ós cionn na ccnoc é; agus riṫfiḋ a nuile ċineaḋ ċuige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Isaiah 2:2
56 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ġoir Iacob ar a ṁacaiḃ, agus a duḃairt, Cruinniġiḋ siḃ féin a ḃfoċair a ċéile, nó go ninneosa mé ḋáoiḃ cread ṫeigeaṁus daóiḃ sna láeṫiḃ deiġionaċa.


Oír atá a ḟios agum go mairionn mfúascaltóir, agus go seasfuiḋ sé an lá déiġionaċ air an ttalaṁ:


Do ḃuáiḋir sé mo néart annsa tsliġe; do ġearraiḋ sé mo laéṫe.


Iarr orum, agus do ḃéara mé ḋuit na geinte mar oiġreaċt, agus na codċa is imċéine don talaṁ mar ṡeilḃ.


Cuiṁneoċuid críoċa na talṁan uile é agus iompóċuid ċum an TIĠEARNA: agus do ḋéanuiḋ a nuile ċineaḋ do na geinteiḃ aḋraḋ ós a ċoinne.


Oír is leis an TTIĠEARNA an rioġaċt: agus isé is úaċdarán a measc na ccineaḋaċ.


Is bréaġḋa a ṡuiġiuġaḋ, sólás na talṁan uile, cnoc Síon, taoiḃ an tuáisceirt, caṫair an Ríġ ṁóir.


Atáid carbaid Dé fiṫċe míle, míltiḋ dáingliḃ; atá an TIĠEARNA na measc, annsa náit náoṁṫa, Sínai.


Agus biáiḋ tiġearnus aige ó ḟairge go fairge, agus ón tsruṫ go téorannuiḃ na talṁan.


Tiocfaid na huile ċineaḋaċa do rinnis agus do ḋéanaid aḋra ós do ċoinne, a ṪIĠEARNA; agus do ḋéanaid hainm do ġlóruġaḋ.


A ḃunait féin annsna sléiḃtiḃ naoṁṫa.


Is ionṁuin leis an TIĠEARNA geataḋa Sion ós cionn ionad suiġe Iácob uile.


¶ Agus annsa ló sin biáiḋ fréuṁ Iesse, noċ ṡeasfas mar ḃratuiġ don ṗobal; is ċuige íarrfuid na geintiḋe; agus biáiḋ a suaiṁneas glórṁar.


¶ Agus annsa tsliaḃso do ḋéana TIĠEARNA slóġ féusta do nuile ṗobal do neiṫiḃ méiṫe, féusta fiona ar na ṫaisgiḋ a ḃfad, neiṫe méiṫe lán do smior, agus dfíon ar na ṫaisgiḋ a ḃfad agus ar na ṫarruing go maiṫ.


Agus tiucfa a ccríċ annsa ló sin, go séidfiġṫear stoc mór, agus tiucfuiḋ an drong do ċuáiḋ seaċad a ttír na Hassíria, agus do ḋíbearṫuiġ a ccríċ na Hégipte, agus aḋoruid an TIĠEARNA annsa tslíaḃ náoṁṫa ag Ierusalem.


Biáiḋ caintic, aṁuil annsa noiḋċe a núair náoṁṫar an tsollamoin; agus gáirdeaċus croiḋe, aṁail mar ṫéid duine le píob do ḋul ar ṡlíaḃ an TIĠEARNA, go Háon cuṁaċdaċ Israel.


Agus a dúḃairt sé, Is ní éattrom go mbeiṫeása ad ṡeirḃíseaċ agumsa do ṫógḃáil tréaḃa Iácob súas, agus daiseág ar cuṁduiġeaḋ Disrael: do ḃéara mé fós ṫú mar ṡolus do na geintiḃ, ċor go maḋ tú mo ṡlánuġaḋ go teóruinn na talṁan.


Do ḃéara mé ḋóiḃsinn ann mo ṫiġ agus táoḃ a stiġ dom ḃalluiġiḃ áit agus ainm is feárr ná do ṁacaiḃ nó dinġeanuiḃ: do ḃéara mé ḋóiḃ ainm síorruiḋe, naċ geárrfuiġear amaċ.


Do ḃéara mé íad dom ṡlíaḃ náoṁṫa, agus do ḋéana mé lúaṫġáireaċ íad ann mo ṫiġ urnaiġe: glacfuiġear a nofráil loisge agus a níoḋbarṫa ar maltóruiḃ; óir goirfiġear dom ṫiġ tiġ na hurnuiġe do nuile ṗobal.


Agus tiucfuiḋ na geintiḋe ċum do ṡoluis, agus ríġṫe ċum soillsi héirġe.


¶ Aċt is siḃsi an drong ṫréigios an TIĠEARNA, ḋearmaduiġeas mo ṡlíaḃ náoṁṫa, noċ ġléusas bórd do ṡlúaġ neiṁe, agus ḟoirlíonas deoċofrála do na plaineadúiḃ.


Agus do ḃéuruid ḃur ndearḃraiṫre uile mar ofráil ċum an TIĠEARNA as gaċ uile ċríċ ar eaċuiḃ, agus a ccarbaduiḃ, agus a ccóistiġiḃ, agus ar ṁúilliġiḃ, agus ar ḃeaṫaċuiḃ lúaṫa, go nuige mo ṡlíaḃ náoṁṫa Ierusalem, a deir an TIĠEARNA, mar ḃeirid clann Israel ofráil a soiġṫeaċ ġlan go tiġ an TIĠEARNA.


Agus tiucfa a ccríċ, ón ġealuiḋ nuáiḋ go ċéile, agus ón tsáoire go ċéile, go ttiucfa a núile ḟeóil daḋraḋ dom laṫairsi, a deir an TIĠEARNA.


O a ṪIĠEARNA, mo neart, agus mo ḋaingion, agus mo ċúil ḋidin a ló na haindeisi, tiucfaid na geintiḋe ċugad ó ṫéorannuiḃ na talṁan, agus a déuruid, Go deiṁin do ġaḃadar ar naiṫre óiġreaċt na mbréug, an dioṁaoinis, agus neiṫe gan tairḃe.


Ní ḟillfiḋ fearg an TIĠEARNA, nó go ccríoċnuiġiḋ sé, agus go ccoiṁlíonuiḋ sé smuáintiġṫe a ċroiḋe: measfuiḋesi sin go diongṁalta annsna láeṫiḃ déiġionaċa.


Do ṫairrġir Micah an Morasíteaċ a laéṫiḃ Heseciah ríġ Iúdah, agus do laḃair sé ré muinntir Iúdah uile, ġa ráḋ, Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Treaḃṫaċar Sion aṁuil maċaire, agus do ḋéantar caírn do Ierusalem, agus slíaḃ an tiġe mar áitiḃ arda na foraoise.


Annsa namsin goirfid Dierusalem caṫaóir an TIĠEARNA; agus cruinneoċṫar na críoċa uile ċuice, go hainm an TIĠEARNA, go Hierusalem: agus ní ṡiuḃolfuid síad ní sa ṁó do reir ḃreaṫnuiġe a ndroċ ċroiḋe féin.


Ní ḟillfiḋ fearg ḃorb an TIĠEARNA, nó go ndéarna sé é, agus nó go ccoiṁlíonfuiḋ sé toil a ċroiḋe: annsna láeṫiḃ deiġionaċa measfuiġesi é.


Uimesin tiucfuid síad agus canfuid a mullaċ Ṡion, agus tuileoċuid a naóinḟeaċt ċum maiṫeasa an TIĠEARNA, ar son cruiṫneaċt, agus ar son fíona nuáiḋ, agus ar son ola, agus ar son óg an tréada agus na háirġe: agus biáiḋ a nanam aṁuil gáirdín ar na ḟliuċaḋ; agus ní ċaóiḋfid nísa ṁó ar áonċor.


¶ Giḋeaḋ fillfe misi braiġdeanas Ṁóab annsna laéṫiḃ deiġionaċa, a deir an TIĠEARNA. Breiṫeaṁnus Ṁóab go nuige so.


¶ Aċt tiucfuiḋ a ccríċ annsna láeṫiḃ deiġionaċa, go ttiuḃra misi ar a nais a rís braiġde Elam, a deir an TIĠEARNA.


Agus smaiċteoċa misi Bel annsa Ḃabílóin, agus do ḃéara mé amaċ as a ḃéul an ní ṡluig sé súas: agus ní líonfuid na cineaḋaċa a ccionn a ċéile ċuige ní sa ṁó: a seaḋ, tuitfiḋ fós balla na Babilóine.


Agus tiucfa tú a níos a naġaiḋ mo ṗobail Israel aṁuil néull dfolaċ na talṁan: annsna láeṫiḃ deiġnioċa ḃías sé, agus do ḃéara misi ṫú a naġaiḋ mo ḋúiṫċe, ċor go mbía a ḟios ag na geintiḃ, an tan náoṁṫeaċṫar ionnadsa mé, a Ġog, as coinne a súl.


A ḃfidiḃ Dé rug sé leis mé go tír Israel, agus do ṡuiġiḋ sé mé air ṡliaḃ ro árd, láiṁ lé a raiḃ aṁuil cuma caiṫreaċ buḋ ḋeas.


Anois ṫáinic mé do ṫaḃairt ortsa a ṫuicsin, créd ṫeigeoṁus dot ḋaóiniḃ annsna láeṫiḃ deiġionaċa: óir atá a nfis fós ar feaḋ ṁóráin láeṫe.


Aċt ata Día ar neaṁ ḟoillsiġeas secréide, agus do ḃeir a ḟios do Nebuċadnessar an ríġ cred ḃías annsna láeṫiḃ deiġionaċa. Isíad so haislingṫe, agus fise do ċinn air do leabuiḋ;


Annsin do briseaḋ an tíarann, an ċré, an prás, an tairgiod, agus an tór, na ccodċuiḃ a naóinḟeaċd, agus do rínneaḋ ḋoíḃ aṁuil cáiṫ urláir ḃuáilte san saṁraḋ; agus rug an ġáoṫ lé íad, go naċ fríṫ áit ar bioṫ ḋóiḃ: agus do rinneaḋ slíaḃ mór don ċloiċ do ḃuáil a níoṁáiġ, agus do líon sé an talaṁ uile.


An tionad a ḃfaca tú gur gearraḋ cloċ as a tslíaḃ amaċ gan láṁa, agus gur ḃris sí an tíarann ambloḋuiḃ, an prás, an ċré, an tairgiod, agus an tór; do rad an Día mór a ḟios don ríġ cred ṫiucfas a ccríċ na ḋiaiġso: agus atá a naisling dearḃṫa, agus a cíall daingion.


Na ḋiáiġ sin fillfid clann Israel, agus íarrfuid an TIĠEARNA a Ndía, agus Dáiḃi a ríġ; agus biáiḋ eagla an TIĠEARNA orra, agus a mbaiṫeasa annsna laéṫiḃ deiġionaċa.


Iompoċṫar an fearann uile aṁuil réiteaċ ó Ġéba go Rimmon buḋ ḋeas ó Ierusalem: agus tóigfiġear súas í, agus áiteoċṫar iona háit, ó ġeata Ḃeniamin go háit an ċéid ġeata, go geata an ċornéil, agus ó ṫor Hananiel go fíonumar‐brúiġṫe an ríġ.


Agus biáiḋ an TIĠEARNA na ríġ ós an ttalaṁ uile: annsa ló sin ḃías aoin TIĠEARNA aṁáin, agus búḋ áon a ainm.


Aseaḋ, tiucfuid móran daóine agus cineaḋaċa láidre díarruiḋ ṪIĠEARNA na slóġ ann Ierusalem, agus do ġuiḋe a ḃfíaġnuisi an TIĠEARNA.


Is marso a deir an TIĠEARNA; Dfill mé ċum Sion, agus áitreoċa mé a meaḋón Ierusalem: agus goirfiġear caṫair na fírinne do Ierusalem; agus slíaḃ TIĠEARNA na slóġ don tslíaḃ náoṁṫa.


Agus goirfid na huile ċineaḋaċa beannuiġ ḋíḃ: óir béiṫí ḃur ttalaṁ ṫaitneaṁaċ, a deir TIĠEARNA na slóġ.


Agus féuċ, a nois atáim ag dul ċum mo ḋáoine: ar a naḋḃursin, tárr agus foillseoċa mé ḋuit cred do ḋéanuid na dáoinesi red ḋáoiniḃsi annsna laéṫiḃ deiġeanaċa.


Agus tíocfuiġ ċum críċe ann sna laéṫiḃ déiġeanaċa (a deir Día,) dóirtfiḋ mé dom Spiorad féin air gaċ uile ḟeóil: agus do ḋéunuid ḃur mic agus ḃur ninġeana fáiḋeadóireaċd, agus do ċífid ḃur nógánaiġ taisbéunta, agus ḃur seandáoine aislingṫe:


Agus bíoḋ a ḟios so agad, go dtiucfuid aimseara báoġlaċa sna laeṫiḃ déiġeanaċa.


Do laḃair sé rinne sna laéṫiḃ deiġeanaċasa trés an Mac, do órduiġ sé na oiġre air a niomlán, tré ar ċrúṫuiġ sé fós an dóṁan;


Ar mbeiṫ ḟios so aguiḃ ar tús, go dtiucfuid sna laéṫiḃ deiġeanaċ luċd sgige, leanfus dá nainmíanuiḃ féin,


Agus do ṡéid an seaċdṁaḋ aingeal a sdoc; agus do ḃádar góṫanna móra ar neaṁ, ag ráḋ, Is lé ar Dtíġearnainne, agus lé na Ċríosd, ríoġaċda an dóṁuin; agus biáiḋ seisean na rí go sáoġal na sáoġal.


Agus do ċonnairc mé cáṫaóireaċa, agus do ṡuiġeadar dream ionnta, agus do tugaḋ breiṫeaṁnus dóiḃ: agus do ċonnairc mé anmanna na druinge do díċeannaḋ ar son ḟiaḋnuise Iosa, agus ar son ḃreiṫre Dé, agus naċ dtug onóir don nainṁiḋe, ná ḋá ioṁáiġ, agus nár ġaḃ a ċoṁarṫa ċuca a gcláruiḃ a néudan, ná na láiṁ; agus mairfid agus béid na ríoġuiḃ a ḃfoċair Ċríosd míle blíaḋuin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ