Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Isaiah 18:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Féuċuiḋsi uile, a áitreaḃṫaċa an tsáoġail, agus a ċoṁnuiġṫeaċa na talṁan, a nuáir ṫoigfios sé brataċ súas ar na sléiḃtiḃ; agus a nuáir ṡéidfios sé a stoc, éistiġsi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Isaiah 18:3
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ráiḋ an Día cuṁaċdaċ, an TIĠEARNA, agus do ġoir an talaṁ ó éirġe na gréine go a fuineaḋ.


Cluiniḋ, a ḟlaiṫeasa, agus taḃair áisdeaċd, a ṫaluiṁ: óir do laḃair an TIĠEARNA, Do oil mé agus ṫúg mé suas clann, agus do ċaṫuiġeadar am aġaiḋ.


Agus cuirfiḋ sé brataċ súas do na cineaḋaċaiḃ, agus cruinneoċuiḋ spruḋar Israel, agus cruinneoċuiḋ sé a ḃfoċair a ċéile a mbiáiḋ spréidṫe do Iúdah ó ċeiṫre corruiḃ na talṁan.


Tógḃuiḋ súas brataċ ar an tslíaḃ árd, árduiġiḋ an guṫ ċuca, croṫaiḋ an láṁ, ċor go raċaid go geataḋuiḃ na núasal.


Fuáim móráin annsna sléiḃtiḃ, mar do ḃeidís pobal mór; tormán ceannairgṫeaċ rioġaċd agus ċineaḋaċ ar ccruinniuġaḋ a cceann a ċéile: TIĠEARNA na slóġ, áirṁios slúaġ an ċaṫa.


A ṪIĠEARNA, a núair ṫóigfiġear do láṁ súas, ní ḟaicid síad: aċt do ċífid, agus béid náireaċ ar son a ttnúṫa ris an bpobal; loisgfiḋ fós, teine do náṁadsa íad.


Agus raċaiḋ sé anonn dá ionad didin lé heagla, agus béid a ṗrionnsaḋa eaglaċ roiṁe an mbratuiġ, a deir an TIĠEARNA, a ḃfuil a ṫeiniḋ a Síon, agus a ḟuirnís ann Ierusalem.


Marso a deir an Tiġearna DIA, Féuċ, tóigfeadsa mo láṁ súas ċum na Ngeinteaḋ, agus cuirfiod brataċ na seasaṁ don ṗobal: agus do ḃéaraid síad do ṁicsi leo iona láṁuiḃ, agus iomċoruid hinġeana ar a nguáilliḃ.


¶ Agus tóigfiḋ sé brataċ súas do na cinneaḋaċaiḃ a nimċían, agus do ḋéana feadalaċ orra ó ḃrúaċ an doṁuin: agus, féuċ, tiucfuid maille re deiṫnios go tapuiḋ:


Agus tíucfa a ccríċ san ló sin, go sméidfiḋ an TIĠEARNA ar an míoltóig atá ansa ċuid is faide amaċ daiḃniḃ na Hégipte, agus ar an mbeiċ atá a ttír na Hassíria.


O a ṫáluiṁ, a ṫáluiṁ, a ṫáluiṁ, cluin bríaṫra an TIĠEARNA.


Cuiriḋsi brataċ súas annsa tír, séidiġ an stoc a measc na ccineaḋaċ, ullṁuiġiḋ na críoċa na haġaíḋ, goiriḋ a ccionn a ċéile na haġaíḋ rioġaċta Ararat, Minni, agus Asċénas; órduiġiḋ caiptín na haġaíḋ; tugaiḋ aír a heaċaiḃ ṫeaċt súas aṁuil catirpilearuiḃ garḃa.


¶ Eistiġ, a ṗobal uile; cluin, a ṫaluiṁ, a nuile ní dá ḃfuil ann: agus bíoḋ an Tiġearna DIA na ḟíaḋnuise ḃur naġaiḋsi, an Tiġearna ó na ṫeampall náoṁṫa.


Eístiġsi, a ṡléiḃte, imreasan an TIĠEARNA, agus siḃsi a ḃunáite láidre na talṁan: óir atá imreasan aig an TTIĠEARNA re na ḋaóiniḃ, agus taigeoruiḋ sé ré Hísrael.


Eíġiḋ gúṫ an TIĠEARNA air an ccaṫruiġ, agus do ċífiḋ fear na heagna hainm: éistiġsi an tslat, agus an té dórduiġ í.


Agus do ċífiġear an TIĠEARNA ós a ccionn, agus raċuiḋ a ṡoiġead amaċ mar aiṫinne teineaḋ: agus séidfiḋ an Tiġearna DIA an stoc, agus imeoċuiḋ le gáoṫaiḃ guáirdeana an túaisceirt.


Aċd as beannaiġṫe ḃur súilesi, do ḃríġ go ḃfaicid síad: agus ḃur gclúasa, do ḃríġ go gcluinid síad.


Giḋ bé agá ḃfuillid clúasa ċum éisdeaċda, éisdeaġ sé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ