Annsa náoṁaḋ bliaḋuin do Hoseá do ġaḃ ríġ na Hassíria Samária, agus rug se Israel leis go Hassíria, agus do ṡuiġiḋ íad ann Hálah agus ann Hábor láiṁ ré haḃuinn Gósan, agus a ccaiṫreaċaiḃ na Mediteaċ.
Am éagṁuissi cláonfuid síos faoi na príosúnaċaiḃ, agus tuitfid faoi na marḃuiḃ. Ar a ṡon so uile ní cláoċluiḋṫear a ḟearg, aċt ata a laṁ sínte amaċ a ccoṁnuiḋe.
¶ A nuáir ḃías sé mar so a lár na tíre a measc an ṗobail, biáiḋ aṁuil croṫaiḋ ċrainn ola, agus mar na cáora dioġluim tar éis na fíneaṁna do ċruinniuġaḋ.
¶ On ċuid is faide amaċ don talaṁ do ċúalamar céolta, eaḋon glóir do nfíréan. Aċd a dúḃairt misi, Mo ṡecréid daṁ féin, mo ṡecréid daṁ féin, a ṁairg ḋaṁsa! na daoine fealltaċa do rinneadar droiċṁéin: fós, na daóine fealitaċa do rinneadar droiċṁéin ḟealltaċ.
Marso a deir an TIĠEARNA: Mar ḃeanas an taóḋaire as béul an leoṁuin ḋá ċois, no cuid do ċluáis; is marsin beanfuiġear clann Israel amaċ ċoṁnuiḋeas a Samária a ccoirnéul leabṫa, agus an Damascus a ccúil leabṫa.
Bíaiḋ an TIĠEARNA úaṫḃásaċ ḋóiḃ: óir cuirfiḋ sé uile ḋée na talṁan do ġorta; agus aiḋeoruid dáoine eision, gaċ áonduine as a ionad féin, eaḋon uile oilén na ngeinteaḋ.