Mar ḃios a naḃall a measg ċrann na coilleaḋ, marsin ḃios mo ġráḋsa a measg na mac. Do ṡuiġ mé síos fa na scáṫ maille re duil ṁóir, agus do buḋ milis a ṫoraḋ dom ċarbad.
Ní ḃiáid ocraċ ná tartṁar; ní mo ġoirteoċus an teasḃaċ nó an ġrían íad: óir tréoroċuiḋ an té agá ḃfuil truáiġe ḋóiḃ íad, eaḋon láiṁ ris na tiobruiḃ fíoruisge ḃéaras sé éolus dóiḃ.
Oír ḋá olc do rinneadar mo ḋaóinesi; do ṫréigeadar misi tobar na nuisgeaḋ mbéo, agus do ṫoċladar ḋóiḃ féin tiubruide, tiubruide briste naċ ccongṁann uisge.
Agus tiucfuiḋ a ccríċ, go mairfiḋ gaċ aoinní beó, dá ccorruiġionn, gioḋ bé ar bioḋ táoḃ a rioṫuid na huisgeaḋa: agus biáiḋ iomad roṁór éisg ionta, do ḃríġ go ttiucfuid na huisgeaḋa annsin: óir béid slán; agus mairfiḋ gaċ uile ní mar a ttiucfa an sruṫ.
Agus a deir an Sbiorad agus an ḃean núaḋṗosda, Tárr. Agus abraḋ an tí ċluin, Tárr. Agus tagaḋ an tí ar a ḃfuil tart. Agus an tí ler ab áill, glacaḋ sé uisge na beaṫa a naisgiḋ.
Oír do ḋéuna an Túan atá a méaḋón na caṫáoireaċ íadsan do ḃeaṫuġaḋ, agus ḋéunuiḋ a dtreóruġaḋ go tiubruidiḃ uisge na beaṫa: agus glanfuiḋ Día a nuile ḋeór ó na súiliḃ.
Agus do ġuiḋ Hannah, agus a duḃairt, Atá mo ċroiḋe solásaċ annsa TIĠEARNA, do hárduiġeaḋ maḋarc annsa TIĠEARNA; do fairsingeaḋ mo ḃéul ós cíonn mo náṁad; do ċionn go ngáirdiġim ann do ṡlánuġaḋsa.