3 Agus do ḋéana sé do ṫuicsin ḃrioġṁair é a neagla an TIĠEARNA: agus ní ḋéana breiṫeaṁnus do réir raḋairc a ṡúl, agus ní aiṫḃeoruiġ do réir éisteaċda a ċlúas:
Ann sin a duḃairt do ḃanóglaċ, Biáiḋ anois focal mo ṫiġearna an ríġ caḃarṫaċ: óir aṁuil aingeal Dé, is marsin atá mo ṫiġearna an ríġ do ṫuigsin uilc agus maiṫeasa: uimesin biáiḋ do ṪIĠEARNA Día maille ríot.
Taḃair ar a naḋḃarsin dot ṡearḃḟoġantuiġ croiḋe tuigseaċ do ḋéanaṁ breiṫeaṁnuis air do ṗobail, ċor go ttuigfe mé eidir an maiṫ agus an tolc: óir cía ḟeadas breiṫeaṁnus do ḋéanaṁ air do ṗobalsa atá coṁmór so?
Annsa ḃfearann ḃías a sealḃ a Nisrael: agus ní ṡáireoċuid mo ṗrionnsaḋa ní sa ṁó mo ḋaóine; agus do ḃéaruid an ċuid oile don dúṫaiġ do ṫiġ Israel do réir a ttreaḃ.
¶ Agus béaruiḋ sé breiṫeaṁnus a measg ṁóráin daóine, agus iomaiṫḃirfiḋ sé cineaḋaċa neartṁara a ḃfad naṫa; agus buáilfid a ccloiḋṁṫe a niarrnaċ leisríġ, agus a ngaéṫe a gcorránuiḃ cnuaiscṫe: ní ṫóigfe cineaḋ cloiḋeaṁ a naġaiḋ ciniḋ, ní mó ḟoġlomfuid cogaḋ ní is mó.
Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Samuel, Ná féaċ ar a ġnúis, no ar áirde a ṗearsann; do ċionn gur ḋíult misi é: óir ní ḟaiceann an TIĠEARNA mar do ċí duine; óir do ċí an duine an ní ḃías a ḃfiaġnuise a ṡúl, aċd do ċí an TIĠEARNA an croiḋe.