Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Iosua 9:21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Agus a duḃradar na prionnsuiḋe ríu, Léigfiḋ ḋóiḃ marṫuinn; aċ bidís na mbuainteoruiḃ connuiġ agus na ttairrngeoruiḃ uisge don ċoṁċruinniuġaḋ uile; mar do ġealladar na prionnsuiḋe ḋóiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Iosua 9:21
9 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Raċaiḋ a ġúṫ sin amaċ aṁuil naiṫir niṁe; óir raċaid air a naġaíḋ ré slúaġ, agus tiucfuid na haḋuíġ lé túaġuiḋ, mar ḃúanaḋa connaiġ.


¶ Seasuiḋ siḃ uile a niuġ a laṫair ḃur TTIĠEARNA Dé; ḃur ccaiptíniġ ḃur ttreaḃ, ḃur sinnsir, agus ḃur noifigiḋ, maille re fearuiḃ Israel uile,


Ḃur ndaóine beaga, ḃur mná, agus do ċoiṁiṫeaċ atá ann do ċampa, ó ġéarrṫóir do ċonnuiḋ go tairngṫeoir huisge:


Anois táinic a ccríċ, a núair do ċúaluiḋ Adonísedec riġ Ierusalem mar re ġaḃ Iosua Ai, agus gur ḋíoṫlaiṫriġ sé ṫríd amaċ í; mar do rinne re Ieriċo agus re na ríġ, marsin do rinne re Hái agus re na riġ; agus mar do rinneadar muintir Ġibeon síṫ ré Israel, agus mar do ḃádár na measg;


Agus do rinne Iosua síṫ ríu, agus do rinne ceangal ríu, léigion dóiḃ marṫuinn: agus tugadar prionnsuiḋe an ċoṁċruinniġ mionna ḋóiḃ.


Do ḋéanam marso ríu; eaḋon léigfeam ḋóiḃ ḃeiṫ béo, deagla dioġaltais do ṫeaċd oruinn, do ḃríġ na mionn ṫugamar ḋóiḃ.


Annois ar a naḋḃarsin atáṫaoi malluiġ, agus ní ḃiáiḋ éanduine aguiḃ saor ó ḃeiṫ ḃur ndaóirsineaċuiḃ, agus ḃur luċd búana connuiġ agus tairngṫe uisge ċum tiġe mo Ḋé.


Agus do rinne Iosua an lá sin geárrṫóiriḋ connuiġ ḋíoḃ agus tairngṫeóiriḋ uisge don ċoṁċruinniuġaḋ, agus daltóir an TIĠEARNA, gus an niuġ, annsa náit do ṫoiġfeaḋ sé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ