Ni mar sin atá an ċúis, aċ duine ó ṡlíaḃ Eṗraim, dar bainm Séba ṁac Biċri, noċ do ṫóg súas a láṁ a naġaiḋ an ríġ, eaḋon a naġaiḋ Ḋáiḃi: seaċaduiġ eision aṁáin, agus imṫeoċuiġ mísi ón ċaṫruiġ. Agus a duḃairt an ḃean re Ioab, Féuċ, teilgfiġear a ċeann ċugad tar an mballa.
Agus a duḃairt seísion, Atáid go maiṫ uile. Do ċuir mó ṁaiġistir mé, ḋa raḋ, Féuċ, ṫáinig ċugam anois ó ṡliaḃ Eṗraím días óganaċ do ṁacaiḃ ná ḃfáġ: guiḋim ṫú, taḃair ḋóiḃ, tallann airgid, agus ḋá aiṫearraċ culáḋaċ.
Agus buḋ é Eleásar mac Aáron an sagart ḃías na ċeann ós cionn na druinge airde do na Leḃítiḃ, agus is aige ḃias feiṫeaṁ ós cionn an luċd ċoiméadas cúram na sanctora.
Oír go deiṁin, ar ndéunaṁ seirḃíse do Ḋáiḃi, ann a ġeinealaċ féin tré ċoṁairle Dé, do ċodail sé, agus do cuireaḋ a ḃfoċair a aiṫreaḋ é, agus do ċunnairc sé truáilléaḋ.
Agus is íad so na tíorṫa do buḋ oiġreaċd do ċloinn Israel a ttír Ċanaáín, noċ do roinn Eleasar an sagart, agus Iosua mac Nun, agus cinn aiṫreaċd ṫreaḃ ċloinne Israel, mar oiġreaċd dóiḃ.
Agus do imṫiġ an tóglaċ amaċ as an gcaṫruiġ as Betlehem‐Iúdah do ḋeánaṁ coṁnuiġ mar a ḃfuiġeaḋ ionad: agus táinic go slíaḃ Eṗraim go tiġ Ṁicah, ann a ṫurus.
Agus do ṡeas Ṗinehas, mac Eleásaír, ṁíc Aaron, dá laṫair sna laeṫiḃ sin) ga ráḋ, An raċa mé amaċ a rís ċum caṫa a naġaiḋ ċloinne Beniamin mo ḋearḃraṫair, nó an sguirfiḋ mé? Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Imṫiġ súas óir a máraċ toiḃeoruiḋ misi ad láiṁ íad.
Agus do ġluáis seision ṫríḋ ṡlíaḃ Eṗraim, agus do ċuáiḋ tré ċríċ Ṡalisa, aċt ní ḃfúaradar íad: annsin do ċuáiḋ sé tré ḋúiṫċe Hálim, aċd ní raḃadar annsin: agus do ċúadar tré ḋúiṫċe na Mbeniamiteaċ, aċd ní ḃfúaradar íad.