Agus do ḟreagair Ioab, Go ndéarna an TIĠEARNA a ṗobal céadúair níos mó ná atáid: aċt, mo ṫiġearna a ríġ, naċ íad uile serḃísiġ an tiġearna? uimesin cíoḋ fa níarran mo ṫiġearna an níse? créd fa mbeiṫ sé na ċuis peacaiḋ Disrael?
¶ Anois déis na huaire ar ḟill Amasiah ó leanṁuin an TIĠEARNA dfealladar na aġaiḋ ann Ierusalem; agus do ṫeiṫ sé go Laċis: aċt do ċuireadarsan na ḋiaiġ go Laċis, agus do ṁarḃadar annsin é.
Agus do ṫoirmiosgadar Ussiah an ríġ, agus a duḃradar ris, Ní ḃeanann riotsa, a Ussiah, túis do losgaḋ don TIĠEARNA, aċt ris na sagartaiḃ clann Aaron, noċ atá ar na ccoisreagaḋ do losgaḋ túise: imṫiġ amaċ as an tsanctóir; óir do ċiontuiġ tú; agus ní ḃiaiḋ se na onóir ḋuit ón TTIĠEARNA Día.
Agus a duḃradar riú, Ní ṫiuḃarṫaói na braiġde a steaċ annso: óir an tionad ar ċiontuiġeamairne a naġaiḋ an TIĠEARNA, ris mían liḃse tuilleaṁ do ċur a ccionn ar bpeacaḋ agus ar sáruiġṫe: óir is mór ar ccóir, agus atá fearg ḟioċṁar a naġaiḋ Israel.
O a ṪIĠEARNA Día Israel, atá tú ceart: óir mairmidne fós íar ndul as, mar atá a niuġ: féuċ, a támaoid ad laṫair ann ar gciontuiḃ: óir ni ḟéadmaoid seasaṁ as do ċoinne dá ḃríġ so.
Oír ṫugadar a ninġeana ċuca feín, agus ċum a mac: iondus gur ċumaisc an síol náoṁṫa íad féin ré daómiḃ na ccríoċsin: agus fós, láṁ na bprionnsaḋa agus na núaċtarán do buḋ ceann ar a nurċóidsi.
Agus gan a ḃeiṫ mar a naiṫre, ginealaċ neiṁċeannsuiġ agus easuṁal; ginealaċ naċ díriġionn a ccroiḋe go ceart, agus naċ ḃfuil a spiorad fírinneaċ do Ḋía.
Do ḟilleadar go hobann as an tsliġe do aiṫin misi ḋíoḃ: do rinnéadar láoġ leaġṫa ḋóiḃ féin, agus do aḋradar ḋó, agus do íoḋbradar ḋó, agus a duḃradar, Is íad so do ḋéesi, ó a Israel, noċ ṫug ṫu amaċ as críċ na Hégipte.
Má adṁuid siád a neagceart, agus éacceart a naiṫreaḋ, maille ré na sáruġaḋ léur ṡáruiġeadar a maġaiḋsi, agus mar an gcéadna gur ṡiuḃluiġeadar contrárḋa ḋaṁ;
Oír atáid na Hamalecítiġ agus na Cananítiġ annsin roṁuiḃ, agus tuitfíḋe leis an gcloiḋioṁ: do ċionn gur hionntóiġeaḃair ón TIĠEARNA, uime sin ní ḃia an TIĠEARNA liḃ.
Abair re cloinn Israel, a nuair do ḋéaná fear no bean peacaḋ ar biṫ, noċ do níd dáoíne, do ḋéanaṁ sáruiġṫe a naġaíḋ an TIĠEARNA, agus go mbí an duine sin ciontaċ;
Agus íarruim daṫċuinge oraiḃ a ḋearḃraiṫreaċa, tré ainm ar Dtiġearna Iósa Críosd, siḃ uile do laḃairt éainneiṫe aṁáin, agus gan siosma do ḃeiṫ ḃur measg; aċd a ḃeiṫ ceangailte ḋá ċéile go diongṁalta a náoininntinn agus a náoin ċéill.
Oír fillfid síad do ṁae ó misi leanṁuin, ċum serḃísi do ḋéanaṁ do ḋeéiḃ oile: mar sin ḃías fearg an TIĠEARNA ar na lasaḋ ad aġaiḋ, agus léirscriósfa sé ṫú go hobann.
Taḃruiḋ dá ḃur naire gan éura do ṫaḃairt don tí láḃras riḃ. Oir muna deaċuiġ an dream úd as tug díultaḋ don tí laḃair ríu as uċd Dé ar an dtalaṁ, a né naċ lúġa ná sin raċmaóidne as, dá ndíultam don tí atá ó neaṁ?
Agus a núair do ċúaladar clann Israel sin, do ċruinniġ coṁċruinniuġaḋ ċloinne Israel íad feín a gceann a ċéile a Síloh, do ḋul súas do ṫroid na naġuiḋsion.
Agus maille rís deiṫneaṁar prionnsaḋa, prionnsa as gaċ tiġ ar feaḋ ṫreiḃe Israel uile; agus do ḃí gaċ áon díoḃ na ċeann ar ṫiġ a naiṫreaḋ a measg ṁílteaḋ Israel.
As mar so a deírid íomlán ċoṁċruinniġ an TIĠEARNA, Cread an sarúġaḋsa do rinneaḃairsi a naġaiḋ Dé Israel, a ḃfilleaḋ do leaṫtaoiḃ a niuġ ó leanṁuin an TIĠEARNA, mar do rinneaḃair altóir ḋíḃ féin, ċor go raċaḋ siḃ a ttréatuireaċd a niuġ a naġaiḋ an TIĠEARNA?
Aċt go ḃfillfiḋsi fós a niuġ ó leanmahuin an TIĠEARNA? agus iseaḋ ḃías de, ó rinneaḃairsi tréatuireaċd a naġaiḋ an TIĠEARNA, go mbía sé feargaċ a máraċ re coṁċruinniuġaḋ Israel uile.
Oír ionann dul an neasurramaċd agus peacaḋ piseóguiġ, agus easuṁla ionnán agus éaigceart agus ioḋaláḋraḋ. Do ċionn gur ṫarcuisniġ tú focal an TIĠEARNA, do ṫarcuisniġ seision ṫusa mar an gcéadna ó ḃeiṫ ad ríġ.