¶ A laeṫiḃ Ṗecah ríġ Israel ṫínic Tiglat‐pileser ríġ na Hassiria, agus do ġaḃ sé Hiion, agus Abel‐betmaaċa, agus Ianoah, agus Cedes, agus Hásor, agus Gíleadi, agus Galilee, agus fearann Napṫali uile, agus rug a láiṁ íad go Hassiria.
Agus ó ṫreiḃ Naṗtali, Cedes ansa Ġalilé gun a cuimíniḃ, do ḃeiṫ na caṫruiġ ḋídin don marḃṫoír; agus Hammot‐dor gun a cuimíniḃ, agus Cartán gun a cuimíniḃ; trí ċaiṫreaċa.
Agus do ċuir sí fios, agus do ġoir sí Bárac ṁac Abinoam amaċ as Cedesnaṗtali, agus a duḃairt sí ris, A né nar aiṫin an TIĠEARNA Día Israel, Eirġiḋ agus tarruiġ leaṫ ré slíaḃ Tábor, agus beir leaċd deiċ míle fear do ċloinn Naṗtali agus do ċloinn Sebulun?