¶ Agus do ḃí ag mac Ṡauil dias fear captíniġ ar ċuideaċduiḃ: buḋ é ainm duine ḋíoḃ Baanah, agus ainm a nfir oile Réċab, mic Rimmon Beerotíteaċ, do ċloinn Ḃeniamin: óir do háirṁeaḋ Beerot fós do Ḃeniamin:
Oír éireoċuiḋ an TIĠEARNA súas aṁuil a sliaḃ Perasim, biáiḋ sé feargaċ aṁuil do ḃí a ngleann Gíbeon, ċor go ndéana sé a obair, a obair iongantaċ; agus go ttiuḃra ċum críċe a ġníoṁ, a ġnioṁ iongantaċ.
¶ Is marso a deir an TIĠEARNA; Do ċlós gúṫ ann Rámah, cáoi, agus gul géur; Raċel ag caóineaḋ a cloinne do ḋiúlt si coṁfortaċt ar son a cloinne, do ḃríġ naċ raḃad ann.
Gur eagluiġeadar go mór, do ḃríġ go raiḃ Gíbeon na caṫruiġ ṁóir, mar aon do na caiṫreaċaiḃ ríoġaṁla, agus do ċionn gur ṁó í ná Ai, agus go raḃadar a daoine uile láidir.
Agus ann sin filliḋ an cósta go Ramah, agus gus a gcaṫruiġ láidir Tíre; agus filliḋ an cósta go Hósah; agus ataíd a dula amaċ sin ag an ḃfairge ón ccosta go Haċsib:
Agus do ġluáisiodar clann Israel ar a naġuiḋ, agus tangadair dá gcaiṫreaċaiḃ an treas lá. A nois dob íad a ccaiṫreaċa Gibeon, agus Ceṗirah, agus Beerot, agus Ciriat‐iarim.
¶ Agus do éirġeadar súas ar maidin go moċ, agus do aḋradar a laṫair an TIĠEARNA, agus do ḟilleadar, agus tangadar ḋá ttiġ go Rámah: agus do ḃí Elcanah ag a ṁnaoi Hannah; agus do ċuiṁniġ an TIĠEARNA uirre.