63 ¶ Agus ar son na Iebusíteaċ dúṫċusaiġ Ierusalem, níor ḟéad clann Iúdah a ndíbirt amaċ: aċd aítreaḃuid na Iebusitiġ maille re cloinn Iúdah ann Ierusalem gus a niuġ.
Agus do ċúaiḋ an téora súas ag gleann ṁac Hinnom don taóiḃ ó ḋeas don Iebusíteaċ; sé sin féin Ierusalem: agus do ċuáiḋ an téora súas go mullaċ an tsléiḃe atá as coinne ġlinn Hinnom táoḃ ṡíar, noċ atá ag éadan ġlinne na naiṫeaċ huḋ ṫuáiġ:
¶ Agus nír ḋibriodar clann Ḃeniamin na Iebusítiġ do áitreiḃ ann Ierusalem; aċd dfanadar na Iebusitiġ a ḃfoċair ċloinne Beniamin gus a niuġ ánn Ierusalem.
¶ Annois do ṫroideadar mic Iúdah a naġaiḋ Ierusalem, agus do ġaḃadar í, agus do ḃúaileadar í le fáoḃar an ċloiḋiṁ, agus do ċiureadar an ċaṫair tré ṫeiniḋ.