Agus rug a ḃean Iehudiiah Iered aṫair Ġedor, agus Heber aṫair Ṡoċo, agus Iecutiel aṫair Ṡanoah. Agus is íad so mic Ḃitiah inġean Ṗáraoh, noċ ṫug Mered.
Agus dfill sé ċum a leiġis go Iesreel do ḃríġ na ccneaḋ tugaḋ air a Ramah, a nuair do ṫroid sé re Hasael ríġ na Síria. Agus do ċúaiḋ Asariah mac Iehoram ríġ Iúdah siós dféuċuin Iehoram ṁic Ahab ríġ Israel ann Iesreel, mar do ḃí sé tinn.
Do leasuiġ Hanum, agus áitreaḃniġ Ṡanoa geata an ġleanna; do ċuireadar súas é, agus do ṡuiġeadar súas a ḋoirsi, a ġlais, agus a ḃarraḋa, agus míle cuḃad air an mballa go nuige geata a naóiliġ.
Agus a duḃradar clann Ioseṗ, Ní lór an cnoc ḋúinn: agus ṫairis sin atáid carbuid íaruinn ag na Canaanítiġ uile áitreaḃas a ḃfearann an ġleana, ag an luċd atá do Ḃetsean gun a bailtiḃ, agus an luċd atá do ġleann Iesreel.