Agus do ḃí Baal‐hanan an Gederiteaċ ós cionn na ccrann ola agus na ccrann Sicomór noċ do ḃí annsna réitiḃ iaċdraċa: agus do ḃí Ioás ós ċíonn soiléur na hola.
Dionnsuiġeadar na Ṗilistiniġ mar an gcéadna caiṫreaċa na tíre íoċdaruiġ, agus an táoḃ ṫeas do Iúdah, agus do ġaḃadar Bet‐semes, agus Aialon, agus Gederot, agus Soċo gun a ḃailtiḃ, agus Timnah gun a ḃailtiḃ, Gimso fós gun a ḃailtiḃ: agus do áitreaḃadar annsin.
¶ Anois a nuáir do ċúaluiḋ tríur carad Iób an tolcso uile ṫáinic air, ṫáinic gaċ aon aca ón áit féin; Eliṗas an Temaníteaċ, agus Bildad an Suhiteaċ, agus Soṗar an Naamatiteaċ: óir do rinneadar ionad coinne re ċéile do ṫeaċt do ḋéanaṁ doilġis leis agus dá ċoṁfurtaċd.
Agus do ċlaóiḋ an TIĠEARNA íad roíṁe Israel, agus do ṁarḃ íad re hár mór a Ngibeon, agus do ṫiomáin íad ar fud na sliġeaḋ ṫéid súas go Betóron, agus do ḃúaileadar íad go Asecah, agus go Macedah.
¶ Agus an lá céadnasin do ġaḃ Iosua Macedah, agus do ḃúail í le faoḃar an ċloiḋiṁ, agus a ríġ do ṁarḃ sé ṫríd amaċ, íad féin, agus a raiḃ danmannuiḃ inte; níor léig sé aon díoḃ as: agus do rinne sé ré ríġ Ṁacedah mar do rinne re ríġ Ieriċo.
Agus filliḋ sí leaṫ ré héirġe greíne go Bet‐dagon, agus síniḋ go Sebulun, agus go gleann Iiṗtah‐el bu ṫuáiġ do Ḃet‐emec, agus Neiel, agus téid amaċ go Cábul ar an laíṁ ċlé,