Agus ċum an Ċananítiġ ṡoir agus ṡíar, agus ċum an Namorítiġ, agus ċum an Hititiġ, agus ċum an Ṗerisitiġ, agus ċum an Iebusítiġ annsna sléiḃtiḃ, agus ċum an Hiḃitiġ faói Hermon a ttír Mispeh.
An sin do ċúadar clann Israel uile amaċ, agus do ċruinniġeadar an coṁċruinniuġaḋ a ḃfoċair a ċéile aṁuil éanduine aṁáin, ó Ḋan go Beerséba, maille ré tír Ġilead, ċum an TIĠEARNA a Mispeh.
Agus a duḃradar clann Israel, Cía atá a measg uile ṫreaḃa Israel naċ ttáinic súas ris an ccoṁċruinniuġaḋ ċum an TIĠEARNA? Oír ṫugadar mionna móra a ttaoḃ an té naċ dtáinic súas ċum an TIĠEARNA go Mispeh, ġa ráḋ, Cuirfiġear go deiṁin ċum báis é.
Agus do imṫiġeaḋ ó ḃlíaḋain go blíaḋain ar ċuáirt‐timċill go Bétel, agus Gilgal, agus Mispeh, agus do nioḋ sé breiṫeaṁnus ar Israel ann gaċ áit ḋíoḃ sin.