Anois íad so ṫáinic go Dáiḃi go Siclag, an feaḋ do ḃí sé fós da ċeilt féin ar eagla Ṡauil ṁic Cis: agus do ḃádar a measc na ndáoine neartṁara, luċd cuidiġ an ċogaiḋ.
Agus tárla, a nuáir do ḃí Dáiḃi agus a ṁuinntir ar tteaċd go Siclág ar an treas lá, gur ionnsuiġeadar na Hamalecítiġ an táoḃ ó ḋeas, agus Siclag, agus do airgeadar Siclag, agus do loisceadar í le teiniḋ;