Don táoiḃsi do Iordan, annsa ġleann as coinne Ḃet‐peor, a ttir Ṡihon ríġ na Namoriteaċ, noċ do áitriḃ an Hesbon, noċ do ḃuáil Maóise agus clann Israel, tar éis teaċd amaċ as an Négipt:
Agus ón réiteáċ go fairge Ċinerot ar an ttaoḃ ṡoir, agus go fairge an réitiġ, eaḋon a nfairge ṡailte taoḃ ṡoir, an tsliġe go Bet‐iesimot; agus ón taoḃ ó ḋeas, faói Asdot‐pisgah:
Agus caiṫreaċa an réitiġ uile, agus rioġaċd Sihon ríġ na Namoríteaċ uile, noċ do rioġuiḋ ann Hesbon, noċ do ḃúail Máoisi maille re prionsaḋuiḃ Mídian, Eḃi, agus Recem, agus Sur, agus Hur, agus Reba, duiḃciḋe Sihon, dáitreaḃuiḋ annsa tír.