Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Iosua 10:37 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

37 Agus do ġaḃadar í, agus do ḃuaileadar í lé faoḃar an ċloiḋiṁ, agus a ríġ, agus a caiṫreaċa uile, agus a nuile anam dá raiḃ inte; níor ḟág éanduine béo ḋíoḃ, do réir a nuile ní dá ndearnaḋ re Heglon; aċ do scríos go hiomlán í, agus a raiḃ danmannuiḃ inte.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Iosua 10:37
8 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċlaoiḋ Iosuá Amalec agus a ḋáoine le fáoḃar an ċloiḋiṁ.


¶ Agus an lá céadnasin do ġaḃ Iosua Macedah, agus do ḃúail í le faoḃar an ċloiḋiṁ, agus a ríġ do ṁarḃ sé ṫríd amaċ, íad féin, agus a raiḃ danmannuiḃ inte; níor léig sé aon díoḃ as: agus do rinne sé ré ríġ Ṁacedah mar do rinne re ríġ Ieriċo.


Agus do ġaḃadar í an lá sin, agus do ḃuaileadar í lé fáoḃar an ċloiḋiṁ, agus a raiḃ danmannuiḃ innte do marḃaḋ íad an lá sin, do réir gaċ éainneiṫe dá ndéarnaḋ ré Laċis.


¶ Agus do ċuáiḋ Iosua súas ó Eglon, agus Israel uile maille ris, go Hébron; agus do ṫroideadar na haġaiḋ:


¶ Agus do ḟill Iosua, agus Israel uile maille ris, go Debir; agus do ṫroid na haġuiḋ:


Agus do ġaḃ í, agus a ríġ, agus a caiṫreaċa uile; agus do ḃuaileadar íad lé faoḃar an ċloiḋiṁ, agus do ṁarḃadar a raiḃ danmannuiḃ innte; níor ḟág aon béo: mar do rinne sé re Hébron is mar sin do rinne re Debir, agus re na ríġ; mar do rinne fós re Libnah, agus re na ríġ.


¶ Mar sin do ḃuáil Iosua tír na slíaḃ, agus an taoiḃ ó ḋeas, agus na gleánnta, agus na sruṫ, agus a ríġṫe uile: níor ḟág neaċ béo ḋíoḃ, aċ do scrios sé uile an ṁéid iona raiḃ anáil, mar do aiṫin an TIĠEARNA Día Israel.


¶ Agus do ġaḃ Iosua caiṫreaċa na ríġṫeaḋ sin uile, agus a ríġṫe uile, agus do ḃuáil íad lé fáoḃar au ċloiḋiṁ, agus do scrios ṫrid amaċ íad, mar do aiṫin Maóise seirḃíseaċ an TIĠEARNA.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ