Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Iosua 10:20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Agus tárla, a núair do ċrioċnuiġ Iosua agus clann Israel a marḃaḋ lé hár ro ṁór, nó gur sgriosaḋ íad, go ndeaċadar an ṁéid do ṁair díoḃ a steaċ a gcaiṫreaċaiḃ daingne.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Iosua 10:20
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Dáiḃi ré Abisai, A nois do ḋéana Seba ṁac Biċri niosmó do ḋoċar ḋúinn nó do rinne Absolon: beir leaċd ṫusa mumntir do ṫíġearna, agus lean é, deagla go ḃfuiġeaḋ sé caiṫreaċa daingne ḋó féin, agus go nimṫeoċaiḋ mar sin uáinn.


Agus do ċuáiḋ ríġ Israel amaċ, agus do ḃuáil sé na heiċ agus na carbuid, agus do ṁarḃ sé na Sírianuiġ re hár mór.


Agus do ṁarḃ Abiiah agus a ṗobal íad le hár mór: ionnus gur ṫuit síos marḃ Disrael cúig ċéad míle fear toġṫa.


Foillsiġiḋ siḃsi ann Iúdah, agus súagraḋ ann Ierusalem; agus abruiḋ, Séidiġsi an stoc annsa dúṫaiġ: fúagraiḋ, cruinniuġaḋ a ccionn a ċéile, agus abruiḋ, Cruinniġiḋ siḃ féin, agus teanam annsna caiṫreaċaiḃ daingne.


Cred fa a ḃfanmaóid ar suiġe? cruinniġiḋ siḃ féin, agus déanam a steaċ annsna caiṫreaċaiḃ daingne, agus bímid ar ttoċd annsin: óir do ċuir an TIĠEARNA ar Ndía ar toċd sinn, agus ṫug sé uisge domblois dúinn re ól, do ḃríġ gur ṗeacuiġeamar a naġaiḋ an TIĠEARNA.


¶ Aċ do ċaíṫreaċuiḃ na muintiresi, noċ do ḃeir do ṪIĠEARNA Día ḋuit mar oiġreaċd, ní ṡaorfa tú béo éinní ann a mbía anál:


Agus do ċlaóiḋ an TIĠEARNA íad roíṁe Israel, agus do ṁarḃ íad re hár mór a Ngibeon, agus do ṫiomáin íad ar fud na sliġeaḋ ṫéid súas go Betóron, agus do ḃúaileadar íad go Asecah, agus go Macedah.


Aċ ná fanuiġsi, leanuiḋ a ndiaiġ ḃur náṁad, agus búailiḋ a ndeireaḋ; ná léigiḋ ḋóiḃ dul a steaċ da gcaiṫreaċuiḃ: óir do ṫoirḃir ḃur TTIĠEARNA Día ann ḃur laṁuiḃ íad.


Agus do ḟilleadar an pobal uile don ċampa go Iosua a Macedah a síoṫċáin: níor ċorruiḋ éanduine a naġaiḋ áoin do ċloinn Israel.


¶ Agus do ġaḃ Iosua caiṫreaċa na ríġṫeaḋ sin uile, agus a ríġṫe uile, agus do ḃuáil íad lé fáoḃar au ċloiḋiṁ, agus do scrios ṫrid amaċ íad, mar do aiṫin Maóise seirḃíseaċ an TIĠEARNA.


Agus do ṫoirḃir an TIĠEARNA a láiṁ Israel íad, noċ do ḃuáil íad, agus do ṁaḋmuiġ orra go Sídon ṁóir, agus go Misrepot‐maim, agus go gleann Mispeh ṡoir; agus do ḃuáileadar íad, no gur ḟágḃadar gan áon béo ḋíoḃ.


Agus tárla, a nuáir do ċríoċnuiġeadar Israel dúṫċusaiġ Ai uile do ṁarḃaḋ ann sa ṁaċaire, san ḃfásaċ mar ar ṫiomáineadar íad, agus a nuáir do ṫuiteadar uile le fáoḃar an ċloiḋiṁ, nó gur sgriosaḋ uile íad, gur ḟilleadar na Hisraelitiġ uile go Hái, agus gur ḃuáileadar í lé fáoḃar an ċloiḋiṁ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ