19 Aċ ná fanuiġsi, leanuiḋ a ndiaiġ ḃur náṁad, agus búailiḋ a ndeireaḋ; ná léigiḋ ḋóiḃ dul a steaċ da gcaiṫreaċuiḃ: óir do ṫoirḃir ḃur TTIĠEARNA Día ann ḃur laṁuiḃ íad.
Os a ċionn sin, má ṫeid sé a steaċ a ccaṫruiġ, annsin do ḃéara Israel uile rópaḋa leó ċum na caiṫreaċsin, agus tairreongam í ċum na haḃann, ionnus naċ bía cloċ ḃeag ar faġáil ann.
Agus a duḃairt Dáiḃi ré Abisai, A nois do ḋéana Seba ṁac Biċri niosmó do ḋoċar ḋúinn nó do rinne Absolon: beir leaċd ṫusa mumntir do ṫíġearna, agus lean é, deagla go ḃfuiġeaḋ sé caiṫreaċa daingne ḋó féin, agus go nimṫeoċaiḋ mar sin uáinn.
Cred fa a ḃfanmaóid ar suiġe? cruinniġiḋ siḃ féin, agus déanam a steaċ annsna caiṫreaċaiḃ daingne, agus bímid ar ttoċd annsin: óir do ċuir an TIĠEARNA ar Ndía ar toċd sinn, agus ṫug sé uisge domblois dúinn re ól, do ḃríġ gur ṗeacuiġeamar a naġaiḋ an TIĠEARNA.
Agus tárla, a núair do ċrioċnuiġ Iosua agus clann Israel a marḃaḋ lé hár ro ṁór, nó gur sgriosaḋ íad, go ndeaċadar an ṁéid do ṁair díoḃ a steaċ a gcaiṫreaċaiḃ daingne.