Abraiḋe a measg na ngeinteaḋ, Atá an TIĠEARNA a rioġaċt: daingneoċar fós an doṁan go naċ ccorróċar é: do ḋéana sé breiṫeaṁnus air na poibleaċaiḃ a ḃfíréuntaċd.
Eistiġ bríaṫar an TIĠEARNA, siḃsi a ċineaḋaċa, agus innisiġ é annsna hoiléanuiḃ imċíana, agus abraiḋ, An té do ḋíoṫscaóil Israel cruinneoċuiḋ sé é, agus cuiṁdeoċuiḋ é, aṁuil mar do ní an táoḋaire a ṫréad.
Foillsiġiḋsi a measc na ngeinteaḋ, agus fúagruiḋ, agus cuiriḋ brataċ súas; fúagruiḋ, agus ná ceiliḋ: abruiḋ, Do gaḃaḋ an Ḃabilóin, do claóiḋeaḋ Bel, do briseáḋ Merodaċ na bloḋuiḃ; do milleaḋ a hioḋuil, do briseaḋ a hioṁáiġe na mbloḋuiḃ.
Déanuiḋ na soiġde loinnreaċ; cruianigbiḋ na scíaṫa: do ṫóig an TIĠEARNA spiorad ríġ na Médianaċ: óir is a naġaiḋ na Babilóine atá a ṫríall dá milleaḋ; do ḃríġ gur bé dioġaltas an TIĠEARNA é, dioġaltas a ṫeampuill.
Cuiriḋsi brataċ súas annsa tír, séidiġ an stoc a measc na ccineaḋaċ, ullṁuiġiḋ na críoċa na haġaíḋ, goiriḋ a ccionn a ċéile na haġaíḋ rioġaċta Ararat, Minni, agus Asċénas; órduiġiḋ caiptín na haġaíḋ; tugaiḋ aír a heaċaiḃ ṫeaċt súas aṁuil catirpilearuiḃ garḃa.
Gléusuiḋsi cogaḋ na haġaiḋ; éirġiḋe, agus déanam súas san meaḋón laói. A ṁairg ḋúinne! óir atá an lá ag imṫeaċt ṫoruinn, óir atáid néulla an tráṫnóna ar na síneaḋ amaċ.
Is marso a deir an Tiġearna DIA; An tusa an té air ar laḃair mé san tseanaimsir tre mo ṡeirḃísiḃ fáiġe Israel, noċ do ṫairrġir annsna láeṫiḃsin mórán blíaḋan go ttiuḃruinn ṫusa na naġaiḋ?
¶ Is marso a deir an TIĠEARNA a ttáoḃ na bfáġ ḃeir air mo ṗobal earráid do ḋéanaṁ, noċ ḃeirios greim re na ḃfíaclaiḃ, agus ḟúagrus, Síoṫċáin; agus ullṁuiġid cogaḋ a naġaiḋ an té, naċ ccuirionn ann a mbéul:
Oír cruinneoċa misi na huile ċineaḋaċa a naġaiḋ Ierusalem ċum caṫa; agus géaḃṫar an ċaṫair, agus sladfuiġear na tiġṫe, agus béid na mná éigniġṫe; agus raċaiḋ leaṫ na caiṫreaċ a mbrúid, agus ní geárfuiġear an ċuid oile don ṗobal ón ccaṫruiġ.