Agus cuirfiḋ sé brataċ súas do na cineaḋaċaiḃ, agus cruinneoċuiḋ spruḋar Israel, agus cruinneoċuiḋ sé a ḃfoċair a ċéile a mbiáiḋ spréidṫe do Iúdah ó ċeiṫre corruiḃ na talṁan.
Aċt, Mairiḋ an TIĠEARNA, noċ ṫug a níos agus do ṫréoruiġ slioċd tiġe Israel amaċ as an dtír ṫuáiġ, agus as gaċ uile ṫíorṫa ionar ḋíbir mé íad; agus coiṁneoċuid síad iona ndúiṫċe féin.
¶ Uimesin ná bíoḋ eagla ortsa, mo ṡeirḃíseaċ Iácob, a deir an TIĠEARNA; agus ná míṁisniġ, ó Israel: óir, féuċ, tárṫoċa misi ṫú a himċéin, agus do ṡlioċd ó ṫír a ndaóirse; agus fillfiḋ Iácob, agus biáiḋ a súaiṁneas, agus a socaṁul, agus ní ċuirfe aóinneaċ eagla air.
Uimesin gaċ a sluigionn ṫusa biáid sluigṫe; agus raċaid do naiṁde uile, a ndaóirsine; agus gaċ áon dá ccreaċann ṫú biáid féin na ccreiċ, agus gaċ áon dá nairgionn tú do ḃéara misi mar arguin íad,
Féuċ, do ḃéara mé íad ón tír ṫuáiġ, agus cruinneoċa mé íad ó imliḃ na talṁan, agus maille ríu an dall agus an bacaċ, an ḃean torraċ agus an ḃean re nioḋnuiḃ a naoinḟeaċt: fillfiḋ cuideaċda ṁór annsin.
Féuċ, cruinneoċa mé íad amaċ as na huile ṫíorṫa, ann ar ḋíbir mé íad ann mfeirg, agus ann mainteas, agus a ndioġaltas mór; agus do ḃéara mé a rís don náitsi íad, agus do ḃéara mé orra coṁnuiḋe go suáiṁneaċ:
¶ A ndiáiġ ṁóráin láeṫeaḋ ionnsoċṫar ṫú: annsna bliaḋnuiḃ déiġneoċa tiucfa tú don tír tugaḋ ar ais ón ccloiḋeaṁ, agus do cruinniġeaḋ as mórán daóine, a naġaiḋ sleiḃte Israel, noċ do ḃí a ccoṁnuiḋe na ḃfásaċ: aċt tugaḋ amaċ as na cineaḋaċaiḃ é, agus áitreoċuid síad uile go daingion.
Tuilleaṁ oile, cred ḃur nimṫeaċdsa orumsa, a Ṫíor, agus a Ṡídon, agus uile ċóstaḋa Ṗalestin? an ccúiteoċṫaói luáiḋeaċd riom? agus má leasuiġionn siḃ riom, filltiḋ mé go lúaṫ agus go tapuiḋ ḃur ccúitiuġaḋ air ḃur ccionn féin;
A nuáir do ċláon mé Iúdah ḋaṁ féin, do líon mé an boġa air Eṗraim, agus do ṫoig mé súas do ṁic, a Ṡion, a naġaiḋ do ṁacsa, a Ġréag, agus do rinne mé ṫú aṁuil cloiḋeaṁ ḋuine neartṁuir.
Cía bé ḃéuras neaċ ris a mbruid raċuiḋ sé féin a mbruid: cía bé ṁarḃas ré cloíḋeaṁ is éigean é féin do ṁarḃaḋ ré cloíḋeaṁ. Is ann so atá foiġid agus creideaṁ na náoṁ.
Oír is fírinneaċ cóṁṫrom a ḃreaṫasan: óir do ḋamnuiġ sé an meirrdreaċ ṁór, do ṫruáill an talaṁ ré na sdríopaċas, agus do ḋíoġail se fuil a ṡearḃḟoġantuiġeaḋ do dóirteaḋ ar á láiṁ.
Agus a duḃairt Adonibésec, Trí fiċṫid agus deiċ ríġ dar beanaḋ ordóga a láṁ agus a gcos dioḃ, do ċruinniġeadar a mbíaḋ fáoi mo ḃórdsa: mar do rinne misi, is mar sin ṫug Día dioġaltas orm. Agus ṫugadar leó é go Hierusalem, agus fúair sé bás ann sin.
Agus a duḃaírt Samuel, Mar do rinne do cloiḋeaṁsa mná gan ċloinn, mar sin ḃías do ṁaṫairsi gan ċloinn a measc na mban. Agus do ġeárr Samuel Agag na ċotċannuiḃ a laṫair an TIĠEARNA a Ngilgal.