Agus do ġlac Iehoas ríġ Iúdah na neiṫe náoṁṫa uile do ṫioḋlaic Iehosaṗat, agus Iehóram, agus Ahasiah, a aiṫre, ríġṫe Iúdah, agus a neiṫe naoṁṫa feín, agus ar fríṫ dór a stórúsuiḃ ṫiġe an TIĠEARNA, agus a ttiġ an ríġ, agus do ċuir ċum Hasael ríġ na Síria é: agus dimṫiġ sé ó Ierusalem.
Agus rug sé leis as sin ionnṁus ṫiġe an TIĠEARNA uile, agus ionnṁus ṫiġe an ríġ, agus do ġéarr sé na mbloḋuiḃ a nuile ṡoiṫeaċ óir do rinne Solaṁ ríġ Israel a tteampall an TIĠEARNA, mar a duḃairt an TIĠEARNA.
Agus tiucfa a ccríċ san ló sin, go ccuirfe an TIĠEARNA a láṁa rís an dara huáir do ṫárṫáil ḟuiġill na ndaóine, noċ fúigfiġear, ó Nassíria, agus ó Négipt, agus ó Ṗatros, agus ó Ċus, agus ó Elam, agus ó Ṡinar, agus ó Hamat, agus ó oiléanuiḃ na fairge.
Agus ar a naḋḃarsin, féuċ, tiucfaid na laeṫe, a deir an TIĠEARNA, naċ aibeoruid síad ní sá ṁó, Mairiḋ an TIĠEARNA, noċ ṫug a níos clann Israel as críċ na Hégipte;
Déanuiḋ na soiġde loinnreaċ; cruianigbiḋ na scíaṫa: do ṫóig an TIĠEARNA spiorad ríġ na Médianaċ: óir is a naġaiḋ na Babilóine atá a ṫríall dá milleaḋ; do ḃríġ gur bé dioġaltas an TIĠEARNA é, dioġaltas a ṫeampuill.
Uimesin tairrġir agus abair ríu, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, mo ṗobal, foisceola misi ḃur nuáiġe, agus do ḃéara mé oruiḃ teaċt a níos as ḃur nuáiġiḃ, agus do ḃéara mé siḃ go tír Israel.
Aċt iona áit onórfuiḋ sé Día na ndaingneaċ: agus día nar ḃaíṫnid dá aiṫriḃ, onórfuiḋ sé lé hór, agus lé hairgiod, agus lé cloċaiḃ búaḋa, agus lé neiṫiḃ breáġḋa.