Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ioel 3:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Cruinneoċa mé fós a nuile ċinéul, agus do ḃéara mé síos íad go gleann Iehosaṗat, agus taigeora mé ríu annsin ar són mo ṗobail agus ar son moiġreaċda Israel, noċ do scáinreadar a measg na ccineaḋaċ, agus ar roinneadar mo ḋúṫaiġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ioel 3:2
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus air an cceaṫramaḋ lá do ċruinniġeadar íad féin a ngleann Beraċah; óir is annsin do ḃeannuiġeadar an TIĠEARNA: ar a naḋḃarsin do goireaḋ, Gleann Beraċa, do náit sin, gus a niuġ.


Oír le teine agus le cloiḋeaṁ ṫaigeoras an TIĠEARNA ris a nuile ḟeóil: agus buḋ iomḋa mairḃ an TIĠEARNA.


¶ Oir is aiṫnid daṁsa a noibreaċa agus a smúaintiġṫe: tiucfa a gcríċ, go ccruinneoċa misi na huile ċineaḋaċa agus ṫeangṫa, agus tiucfaid síad, agus do ċífid mo ġlóir.


¶ Is marso a deir an TIĠEARNA a naġaiḋ mo ḋroċċoṁarsan uile, ḃeanas ris a noiġreaċd noċ ṫug mé ar mo ṗobal Israel doiġreaċtuġaḋ; Féuċ, tairreonga mé amaċ as an ndúṫaiġ íad, agus tairreonga mé amaċ tiġ Iúdah ó na measc sin.


Tiucfaiḋ tormán go himliḃ na talṁan; óir atá imreasan ag an TTIĠEARNA ris na cineaḋaċaiḃ, taigeoruiḋ sé ris a nuile ḟeóil, do ḃéara sé an dream atá go holc, don ċloiḋeaṁ, a deir an TIĠEARNA.


Attaoḃ na Nammoníteaċ, is marso a deir an TIĠEARNA; An ḃfuilid mic ar biṫ ag Israel? naċ ḃfuil oiġreaḋa ar biṫ aige? cred maiseaḋ as a ḃfuil a ríġ na oiġre ar Ġad, agus a náitreaḃann a ṁuinntir iona ċaiṫreaċaiḃ?


¶ Is cáoiríġ spréiḋte Israel; do ḋíbreadar na leoṁuin seċad é: ar ttús a dúaiġ ríġ na Hassíria é; agus fa ḋeireaḋ do ḃris Nebuċadnessar ríġ na Babilóine a ċnáṁa.


¶ Is marso a deir an Tiġearna DIA; Do ḃríġ go nabair Moab agus Seir, Féuċ, atá tiġ Iúdah cosṁuil ris na geintiḃ uile;


Do ṡeaċránadar mo ċaoiriġ ṫríd na huile ṡléiḃtiḃ, agus air a nuile ċnoc árd: do scáinreaḋ fós, mo ṫréad ar ġnúis na talṁan uile, agus níor lorgair agus níor íarr duine ar biṫ na ndiáiġ.


Do ḃríġ go nduḃairt tú, Buḋ liomsa an dá ċineaḋsa agus an dá ṫírse, agus sealḃoċam íad; giḋ go raiḃ an TIĠEARNA annsin:


Mar an ccéadna, ṫusa a ṁic an duine, tairrġir do ṡléiḃtiḃ Israel, agus abair, Eistiġsi a ṡléiḃte Israel, bríaṫar an TIĠEARNA:


Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA; Go deiṁin a tteine méuda do laḃair misi a naġaiḋ ar ṁair do na geintiḃ, agus a naġaiḋ Idumea uile, noċ dórduiġ mo ḋúṫaiġ na seilḃ maille ré gáirdeaċus a nuile ċroiḋe, maille ré hinntin aingiḋe, dá ṫeilgion amaċ mar‐ċreiċ.


Agus taigeora mé na aġaiḋ maille re pláiġ agus lé fuil; agus fearfa mé air, agus air a ḃannaḋuiḃ, agus air a niomad daóine atá aige, fearṫuinn anfaċ, agus cloiċṡneaċta móra, teine, agus ruiḃ.


¶ Agus tiucfuiḋ a ccríċ annsa ló sin, go ttiuḃra mé do Ġog ionad annsin ċum úaiġeaḋ a Nísrael, gleann an luċd siuḃail don taóiḃ ṡoir do nfairge: agus stopfuiḋ sin sróna na druinge ġaḃus ṫairis, agus aḋlaicfid Gog annsin agus a ṡluáġ uile: agus goirfid síad de, Gleann Hamon‐ġog:


Múscaltar na geinte, agus tigdís a níos go gleann Iehosaṗat: óir is ann sin ṡuiġfios misi do ḋéanaṁ breiṫeaṁnuis na ngeinteaḋ uile timċioll fá ccuáirt.


Slúaġ mór, slúaġ mór a ngleann na ceannairge: óir atá lá an TIĠEARNA a ccoṁḟogus a ngleann na ceannairge.


¶ Marso a deir an TIĠNARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Edom, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé íad: do ḃríġ gur ainlean sé a ḋearḃraṫair leis an ccloiḋeaṁ, agus gur ṫeilg úaḋ gaċ uile ṫrúaiġe, agus gur réub a ḟearg go síorruiḋe, agus gur ċonnaiṁ a ḟearg go síorruiġe:


Aċt ní feas dóiḃ smuáintiġṫe an TIĠEARNA, ní mó ṫuigid a ċoiṁairle: óir cruinneoċa sé íad mar na punnannaiḃ a steaċ ċum a nurláir.


¶ Uimesin feiṫiḋ siḃsi orumsa, a deir an TIĠEARNA, nó go ttig an lá a néireoċa misi súas ċum na creiċe: óir isé is mían daṁ na cineaḋaċa do ċruinniuġaḋ, ionnus go ttoiṫeastluiġ mé na rioġaċda, do ḋórtaḋ mo dioġla orra, eaḋon mfearg ḃorb uile: óir loisgfiġear an talaṁ uile lé téine mo éada.


Agus do ġaḃ fearg na cineaḋaċa, agus táinic ṫfeargsa, agus aimsir, ḃreiṫeaṁnuis na marḃ, agus luáiḋeaċda do ṫaḃairt dod ṡearḃḟoġantuiġiḃ ba faiḋiḃ, agus do na náoṁuiḃ, agus don luċd ar a ḃí eagla hanma, eidir ḃeag agus ṁór; agus sgreasda na druinge sgriosus an talaṁ.


Oir is spiorada deaṁan íad, ḃíos ag déunaṁ cóṁarṫaḋ, agus ṫéid amaċ go ríoġuiḃ na talṁan agus an doṁuin uile, ċum a gcóṁċruinniġe a gceann ċaṫa láe ṁóir Ḋé Uileċúṁaċduiġ.


Agus do ċruinniḋ Día íad go háit dá ngoirṫear a Neaḃráis Armageddon.


Óir do ḋóirteadarsan fuil na náoṁ agus na ḃfáiḋeaḋ, agus tug tusa fuil re ól dóiḃ; óir do ṫuilleadar sin.


Agus raċa sé amaċ do ṁeallaḋ na gcineaḋaċ noċ atá a gceiṫre ċorruiḃ na talṁan, Gog agus Magog, ċum a gcnúsuiġ a gceann a ċéile ċum caṫa; agá ḃfuil a nuiḃir aṁuil ġaineaṁ na fairrge.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ