17 Marsin aiṫeontaói gur misi an TIĠEARNA ḃur Ndía ag áitreaḃ ann Sion, mo ṡlíaḃ náomṫa: annsin biáiḋ Ierúsalem náoṁṫa, agus ní raċfuiḋ coiṁiġṫeaċ ar bioṫ ṫríṫe ní is mó.
Do ċúala mé munḃar ċloinne Israel: laḃair ríu, ag ráḋ, Tráṫnóna, iostáoi feóil, agus ar maidin líonfuiġear le harán siḃ; agus aiṫeóntáoi gur misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.
Agus biáiḋ sliġe ṁór ann sin, agus bealaċ, agus goirfiġear ḋe, Bealaċ na náoṁṫaċda; ní ṡíuḃolnid na neaṁġloin ṫríd; aċt biáiḋ sé na ccoinnesion: an fear siuḃail, agus na hamadáin, ní raċuid a muġa ann.
Agus tiucfa a ccríċ, an té fúigfiġear a Sion, agus an té ḟanfas ann Ierusalem, go ngoirfiġear náoṁṫa ḋe, eaḋon gaċ neaċ atá scríoḃṫa a measg na mbéo ann Ierusalem:
Muscail, múscail; cuir ort do neart, a Ṡion; cuir ort do ċúlaḋa breáġa, a Ierusalem, an ċaṫair náoṁṫa: oir ó so amaċ ní ṫiucfuid na neiṁṫimċillġéarrṫa, agus na neaṁġloin a steaċ ionnad.
Do ḃéara mé íad dom ṡlíaḃ náoṁṫa, agus do ḋéana mé lúaṫġáireaċ íad ann mo ṫiġ urnaiġe: glacfuiġear a nofráil loisge agus a níoḋbarṫa ar maltóruiḃ; óir goirfiġear dom ṫiġ tiġ na hurnuiġe do nuile ṗobal.
Is marso a deir TIĠEARNA ná slóġ, Día Israel; Fós gnáiṫeoċuid siad an ċaintsi a ttír Iúdah agus iona caiṫreaċaiḃsin, a nuáir do ḃéarus misi a mbraiġdionas a rís; Go mbeannuiġ an TIĠEARNA ṫusa, a áitreaḃ an ċeirt, agus a ṡlíaḃ na náoṁṫaċda.
Agus gleann na ccorp marḃ go hiomlán, agus an luáiṫriḋ, agus na maċairiḋe uile go srúṫ Ċídron, go cornéal ġeata na neaċ don leaṫ ṡoir, béid náoṁṫa don TIĠEARNA; ní ṫairreongṫar a níos íad, ní ṫeilgfiġear sios íad ní sa mbó go bráṫ.
Oír ann mo ṡlíaḃ náoṁṫa, a slíaḃ áirde Israel, a deir an Tiġearna DIA, is annsin ḟoiġeonuid tiġ Israel uile ḋaṁsa, annsa tír: annsin ġéaḃus mé ċugam íad, agus annsin íarrfas mé ḃur nofrálaċa, agus primidil ḃur níoḋbarṫaḋ, maille ré ḃur nuile ní náoṁṫa.
Agus cuirfe mé féiṫeaċ oruiḃ, agus do ḃéara mé feóil súas oruiḃ, agus foileoċa mé siḃ lé croicionn, agus cúirfe mé anál ionnuiḃ, agus beiṫí béo; agus biáiḋ a ḟios aguiḃ gur misi an TIĠEARNA.
¶ Is marso a deir an Tiġearna DIA; Ní raċuiḋ coiṁṫiġeaċ ar biṫ, neiṁṫimċillġéarrṫa a gcroiḋe, nó neiṁṫimċillġéarṫa a ḃfeóil, asteaċ ann mo ṡanctoirse, do ċoiṁiġṫeaċ ar bioṫ dá ḃfuil a measc ċloinne Israel.
Agus suiḋeoċa sé pailliúin a ṗáláis eidir na fairgiḃ annsa tslíaḃ ġlorṁar náoṁṫa; ṫairis sin tiucfa sé ċum a ċríċe, agus ní ċuideoċuiḋ duine ar bioṫ ris.
¶ O a Ṫiġearna, do réir huile ḟíréantaċd, íarruim daṫċuinġe ort, filltear ar ais ṫfearg agus ṫfíoċṁaireaċd ó do ċaṫruiġ Ierusalem, do ṡlíaḃ náoṁṫa: do ḃríġ gurob ar son ar bpeacuiġne, agus ar son éigceart ar naiṫreaḋ, atá Ierusalem agus do ṗobal na scannail do nuile dá ḃfuil gaċa táoḃa ḋínn.
Agus do ḋéana mé íarsma don ṁnaói do ḃí bacaċ, agus cineaḋ láidir ḋise do teilgeaḋ a ḃfad: agus ríaġloċṫaiġ an TIĠEARNA ós a ccionn a ṡaḃ Sion ó so amaċ go bráċ, agus ċoiḋċe.
Feuċ air na sléiḃtiḃ cosa an té do ḃeir nuáiḋeaċta maiṫe leis, ḟuagras síoḋċáin! a Iúdah, coimbéad do ḟéastaḋa sollamonta, coṁaill do ṁóide: óir ní ġéaḃuiḋ an droċḋuine ní sa mó ṫríod; do gearraḋ amaċ go hiomlan é.
Is marso a deir an TIĠEARNA; Dfill mé ċum Sion, agus áitreoċa mé a meaḋón Ierusalem: agus goirfiġear caṫair na fírinne do Ierusalem; agus slíaḃ TIĠEARNA na slóġ don tslíaḃ náoṁṫa.