16 Núallfuiḋ an TIĠEARNA fós amaċ as Sion, agus cuirfiḋ a ġúṫ amaċ as Ierusalem; agus biáiḋ neaṁ agus talaṁ ar crioṫ: aċd buḋ é an TIĠEARNA dóṫċus a ḋaóine, agus neárt ċloinne Israel.
An TIĠEARNA mo ċarruic, agus mo ḋaingean, agus mfear sáorṫa; mo Ḋía, mo neart, ióna ccuirfe mé mo ḋóṫċus; mo scíaṫ, agus aḋarc mo ṡlánuiġṫe, mo ionad árd.
Agus do ċuir misi mó ḃríaṫar ad ḃéul, agus dfoluiġ mé ṫú ar scáile mo láiṁe, ċor go bplainndeoċuinn na neaṁa, agus go suiġfinn bunáite na talṁan, agus go naibeorúinn, re Sion, Is tú mo ṗobal.
O a ṪIĠEARNA, mo neart, agus mo ḋaingion, agus mo ċúil ḋidin a ló na haindeisi, tiucfaid na geintiḋe ċugad ó ṫéorannuiḃ na talṁan, agus a déuruid, Go deiṁin do ġaḃadar ar naiṫre óiġreaċt na mbréug, an dioṁaoinis, agus neiṫe gan tairḃe.
Agus a dúḃairt sé, Núallfuiḋ an TIĠEARNA ó Ṡion, agus foillseoċaiḋ sé a ġúṫ ó Ierusalem; agus guilfid áitreaḃa na náoḋaireaḋ, agus críonfuiḋ mullaċ Ċarmel.
Agus nearteoċa misi tiġ Iúdah, agus sáorfa mé tiġ Ióseṗ, agus do ḃéara mé liom íad da suiġiuḋ; óir atá truáiġe agam ḋóiḃ: agus béid aṁuil naċ tteilgfinn uáim íad: óir is misi an TIĠEARNA a Ndía, agus éistfiḋ mé íad.
Agá ċríoṫnuiġ an talaṁ a nuáir sin ré na ġúṫ: agus a nois tug sé geallaḋ úaḋ, ag ráḋ, Fós éunuáir eile cuirfe mé ní hé aṁáin an talaṁ ar criṫ, aċd neaṁ mar an gcéudna.
Agus ar a nuáirsin féin do ḃí críoṫ mór talṁan ann, agus do ṫuit an deaċṁaḋ cuid don ċaṫruiġ, agus do marḃaḋ seaċd míle pearsa ris an gcríṫ talṁan sin: agus do ġaḃ eagla an ċuid eile, agus tugadar glóir do Ḋía neiṁe.
Agus do hosglaḋ teampoll Dé ar neaṁ, agus ba léir áirc a ċonnarṫa ann a ṫeampoll: agus do ḃí tinnteaċ, agus goṫanna, agus tóirrneaċ, agus crioṫ talṁan, agus cloiċṡneaċda mór ann.
Agus do ḃádar góṫanna, agus teinteaċ, agus tóirrneaċ ann; agus tárrla crioṫ mór talṁan ann, naċ raiḃ a leiṫid ann a ríaṁ ón traṫ fá raḃadar daóine ar an dtalaṁ, ċoṁmór sin do ċrioṫ talṁan.