Fuáim móráin annsna sléiḃtiḃ, mar do ḃeidís pobal mór; tormán ceannairgṫeaċ rioġaċd agus ċineaḋaċ ar ccruinniuġaḋ a cceann a ċéile: TIĠEARNA na slóġ, áirṁios slúaġ an ċaṫa.
Agus laiḃeoruiḋ an TIĠEARNA a ġuṫ as coinne a ṡlúaġ: óir is ro ṁór a ḟoslongṗort: óir is láidir an té ċríoċnuiġios a ḟocal: óir is mór lá an TIĠEARNA, agus ro úaṫḃásaċ; agus cía ḟéadas a ḟulang?
Múscaltar na geinte, agus tigdís a níos go gleann Iehosaṗat: óir is ann sin ṡuiġfios misi do ḋéanaṁ breiṫeaṁnuis na ngeinteaḋ uile timċioll fá ccuáirt.
Cruinneoċa mé fós a nuile ċinéul, agus do ḃéara mé síos íad go gleann Iehosaṗat, agus taigeora mé ríu annsin ar són mo ṗobail agus ar son moiġreaċda Israel, noċ do scáinreadar a measg na ccineaḋaċ, agus ar roinneadar mo ḋúṫaiġ.
Aċd neaṁ agus talaṁ, a nois atáid da dtaisge ris an mbréiṫir gcéudna, dá gcoiṁéud fá ċoṁair teineaḋ go lá damnuiġe agus sgriosda na ndáoineaḋ neiṁḋíaġa.