Agus is aṁluiḋ ḃías a nuáir ċruinneoċus fear a nfoġṁair an tarḃar, agus ḃeanfas sé na déusa le na láiṁ; agus biáiḋ sé aṁuil an té ċruinniġios déasa a ngleann Reṗaim.
Do ṡaltair mé a númar na fíneaṁna am áonar; agus ní raiḃ aoinneaċ don ṗobal agam: óir sailteoruiḋ mé íad ann mfeirg; agus siuḃoluiḋ mé súas orra ann mo ḃuile; agus croiṫfiġear a ḃfuil ar méadaċ, agus bailleoċa mé mo ċúlaiḋ uile.
Oír is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Is cosṁuil inġean na Babilóine ré hurlár buáilte, is miṫid a búalaḋ: giḋeaḋ tamall beag, agus tiucfaiḋ aimsir a foġṁair.
Do ṡaltair an TIĠEARNA síos mo ḋaoine cuṁaċtaċa uile ann mo lár: do ġoir sé oireaċtus am aġaiḋ do brúiġeaḋ mo ḋaóine óga: do ḃrúiġ an TIĠEARNA an ṁaiġdion, inġean Iúdah, aṁuil buḋ a númar fíona.
Agus daṁairc mé, agus féuċ néull geal, agus neaċ na ṡuiḋe air a néull cosṁuil ré Mac an duine, agá raiḃ coróin órrġa ar a ċeann, agus corrán géur ann a láiṁ.
Agus ṫáinic cloiḋeaṁ géur ḋá ḟáoḃar amaċ as a ḃéul, ċum na gcineaḋaċ do ḃúalaḋ ris: agus do ḋéunuiḋ sé a ríaġluġaḋ ré slait íaruinn: agus a se ṡaltras fá na ċosaiḃ úmar fíona cúṫuiġ ḟeirge Dé Uileċuṁaċduiġ.