12 Múscaltar na geinte, agus tigdís a níos go gleann Iehosaṗat: óir is ann sin ṡuiġfios misi do ḋéanaṁ breiṫeaṁnuis na ngeinteaḋ uile timċioll fá ccuáirt.
Agus air an cceaṫramaḋ lá do ċruinniġeadar íad féin a ngleann Beraċah; óir is annsin do ḃeannuiġeadar an TIĠEARNA: ar a naḋḃarsin do goireaḋ, Gleann Beraċa, do náit sin, gus a niuġ.
Os coinne an TIĠEARNA: oír atá sé ag teaċt, ag teaċt do ḋéanaṁ breiṫeaṁnuis air an ttalaṁ: do ḃéara sé breiṫ air a tsaoġal a ḃfíréuntaċd, agus air na daóiniḃ iona ḟírinne féin.
Os coinne an TIĠEARNA; óir atá sé ag teaċd do ḃreiṫe air an ttalaṁ: do ḋéana sé breiṫeaṁnus air an ttalaṁ ré fíréuntaċd, agus air na poibleaċaiḃ ré ceart.
Agus breaṫnoċuiġ sé a measg na ccineaḋaċ, agus aiṫḃeoruiḋ mórán do ḋaoiniḃ: agus buailfid a ccloiḋṁṫe na suic ṡeisriġe, agus a ngáeṫe na corranuiḃ bearrṫa: ní ṫoigfe críoċ cloiḋioṁ súas a naġaiḋ ċriċe: agus ni ḟeġlumfuid cogaḋ ní as mó.
¶ Agus tiucfuiḋ a ccríċ annsa ló sin, go ttiuḃra mé do Ġog ionad annsin ċum úaiġeaḋ a Nísrael, gleann an luċd siuḃail don taóiḃ ṡoir do nfairge: agus stopfuiḋ sin sróna na druinge ġaḃus ṫairis, agus aḋlaicfid Gog annsin agus a ṡluáġ uile: agus goirfid síad de, Gleann Hamon‐ġog:
Cruinneoċa mé fós a nuile ċinéul, agus do ḃéara mé síos íad go gleann Iehosaṗat, agus taigeora mé ríu annsin ar són mo ṗobail agus ar son moiġreaċda Israel, noċ do scáinreadar a measg na ccineaḋaċ, agus ar roinneadar mo ḋúṫaiġ.
¶ Agus béaruiḋ sé breiṫeaṁnus a measg ṁóráin daóine, agus iomaiṫḃirfiḋ sé cineaḋaċa neartṁara a ḃfad naṫa; agus buáilfid a ccloiḋṁṫe a niarrnaċ leisríġ, agus a ngaéṫe a gcorránuiḃ cnuaiscṫe: ní ṫóigfe cineaḋ cloiḋeaṁ a naġaiḋ ciniḋ, ní mó ḟoġlomfuid cogaḋ ní is mó.
Agus seasfuid a ċosa annsa lósin ar ṡlíaḃ na noluiġeaḋ, noċ atá as coinne Ierusalem san noirṫear, agus scoiltfiḋ slíaḃ na noluiġeaḋ iona lár don leaṫ ṡoir agus don leaṫ ṡíar, na ġleann roṁór; agus áṫroċuid leaṫ an tsléiḃe don táoiḃ ó ṫúaiġ, agus a leaṫ oile don taoiḃ ó ḋeas.
Agus do ċonnairc mé neaṁ osguilte, agus féuċ eaċ ban; agus a sé dob ainm don tí do ḃí na ṡuiḋe air Díleas agus Fírinneaċ, agus is do réir ċeirt do ní breiṫeaṁnus agus cosgaḋ.