Aċt, Mairiḋ an TIĠEARNA ṫug a níos clann Israel as tír an tuáisceirt, agus as gaċ uile ṫalaṁ ann ar ḋíḃir sé íad: agus do ḃéara mé a rís dá ndúṫaiġ íad noċ ṫug mé dá naiṫriḃ.
Agus biáiḋ misi ar faġáil agaiḃ, a deir an TIĠEARNA: agus fillfiḋ mé ar ais ḃur ndaóirsi, agus cruinneoċa mé siḃ ó na huile ċineaḋ, agus as gaċ uile áit ion ar ḋíbir mé siḃ, a deir an TIĠEARNA; agus do ḃéara mé siḃ a rís ċum na háite as a ttug mé fá deara ḃur mbreiṫ a láiṁ.
¶ Is marso a deir an TIĠEARNA; Féuċ, do ḃéara mé ar ais braiġdionas ṗailliúin Iácob, agus do ḋéana mé trócaire air a áitiḃ coṁnuiḋe; agus cuirfiġear an ċaṫair súas air a cárn féin, agus fanfaiḋ an pálás do réir a ġnáṫa féin.
Oír, féuċ, tiucfaid na laéṫe, a deir an TIĠEARNA; a ttiuḃra misi ár ais braiġdeanus mo ṗobail Israel agus Iúdah, a deir an TIĠEARNA: agus do ḃéara mé orrá filleaḋ don tír ṫug mé da naiṫriḃ, agus sealḃoċuid síad í.
An tan do ḃéaras misi ar ais a rís a mbraiġdionas, braiġdionas Ṡodom agus a hinġean, agus braiġdionas Ṡamária agus a hinġean, ann sin do ḃéara mé liom a rís braiġdionas do ḃráġdsa iona lár:
¶ Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA; Anois do ḃéara mé liom a rís braiġdionas Iácob, agus do ḋéana mé trócaire air ṫiġ Israel go híomlán, agus biáiḋ éud orum ar son manma náoṁṫa;
Agus annsa namsin seasfuiḋ Miċael súas, an prionnsa mór ṡeasas air son ċloinne do ṗobailsi: agus biáiḋ am buáiḋearṫa ann, a leiṫéid naċ raiḃ a ríaṁ eaḋon go nuige an tamsin: agus annsa namsin sáorfuiġear do ṗobalsa, a nuile ḋuine dá ḃfuiġṫear scrioḃṫa annsa leaḃar.
Agus do ḃéara mé a rís ar a nais braiġde mo ṗobail Israel, agus cuirfid súas na caiṫreaċa fásuiḋ, agus áiteoċuid íad; agus plainndeoċuid fineaṁna, agus ioḃuid a fíon sin; do ḋéanuid fós gáirdíniġe, agus íosuid dá ttoraḋ.
Agus a duḃairt Maóise ris, An ḃfuil tnúṫ ortsa ar mo ṡonsa? do bfearr liom go mbeidís pobal an TIĠEARNA uile na ḃfáiġiḃ, agus go ccuirfeaḋ an TIĠEARNA a spiorad orra.
Agus a duḃairt seision, Eistiġ annois mo ḃríaṫra: Máta fáiḋ ḃar measc, misi an TIĠEARNA foillseoċad mé féin do a ḃfis, agus laiḃeora mé ris a naislíng.
Ann sin go niompoċuiḋ do ṪIĠEARNA Día do ḋaóirse, agus go mbía truáiġe aige ḋuit, agus go ḃfillfiḋ agus go ccruinneoċuiġ sé ṫusa as gaċ uile ċineaḋ, a gcionn ar ḋíosgaóil do ṪIĠEARNA Día ṫú.