Is uime so ċaóiḋfios an talaṁ, agus béid na neaṁa ṡúas dúḃ: do ḃríġ go ndúḃairt misi é, do ṫionnscuin mé é, agus ní buḋ haiṫreaċ liom, ní mó ḟillfiod ar mais úaḋ.
Agus an tan ċuirfios mé ṫusa amaċ, foileoċa mé flaiṫeaṁnus, agus do ḋéana mé a réulta dorċa; foileoċa mé an ġrían lé néull, agus ní ṫiuḃruiḋ an ġoalaċ a solas uaiṫe.
Agus laiḃeoruiḋ an TIĠEARNA a ġuṫ as coinne a ṡlúaġ: óir is ro ṁór a ḟoslongṗort: óir is láidir an té ċríoċnuiġios a ḟocal: óir is mór lá an TIĠEARNA, agus ro úaṫḃásaċ; agus cía ḟéadas a ḟulang?
Lá dorċaċta agus grúamaċda, lá néull agus dorċadais ṫiuġ, mar do leaṫnuiġ an ṁaidin air na sléiḃtiḃ: pobal mór láidir; naċ ḃfacus a leiṫéid, agus naċ biáiḋ ní sa ṁó na ḋiáiġ, eaḋon go blíaḋuin ṁóráin ginealaċ.
Oir, féuċ, tiucfa an lá loiscfios aṁuil bacús; agus na húaiḃriġ uile, fós, a nuile ḋuine do ní urċóid, béid na cconnlaċ: agus loiscfiḋ an lá ṫiucfas íad súas, a deir TIĠEARNA na slóġ, iondus naċ ḃtágfa fréuṁ nó beangán díoḃ.
Ar an mball ndíaiġ trioblóide na laiṫeaḋ úd bíaiḋ an ġrían ar ua ḋorċuġaḋ, agus ní ṫioḃra an ġealaċ a soillsi úaiṫe, agus tuitfid na réulta ó neaṁ, agus craiṫfiḋṫear suḃáilciḋe neiṁe.
Agus béid coṁarṫuiġe ann sa ngréin, agus ann sa ngealuiġ, agus ann sna réultannuiḃ: agus combrúġaḋ na gciniḋeaċ ar an dtalaṁ, tré úaṫḃás; ag buirfiġ don ḟairge agus do na tonnuiḃ;
Agus do ṡéid an ceaṫraṁaḋ aingeal a sdoc, agus do buáileaḋ an treas cuid don ġréin, agus an treas cuid don ġealuiḋ, agus an treas cuid do na réultuiḃ; ionnus go ndearnaḋ an treas cuid dioḃ dorċa, agus níor ḋeallruiġ an lá an treas cuid de, agus a noiḋċe mar an gcéudna.