Agus do ḟeuċ sé ar Ṡodom agus ar Ġomorrah, agus ar ḟearann an réitiġ úile, agus do aṁairc, agus, féuċ, do ċúaiḋ deatáċ na tíre súas aṁuil ḋeatuiġ ḟuirnise.
Is uime so ċaóiḋfios an talaṁ, agus béid na neaṁa ṡúas dúḃ: do ḃríġ go ndúḃairt misi é, do ṫionnscuin mé é, agus ní buḋ haiṫreaċ liom, ní mó ḟillfiod ar mais úaḋ.
Ar an mball ndíaiġ trioblóide na laiṫeaḋ úd bíaiḋ an ġrían ar ua ḋorċuġaḋ, agus ní ṫioḃra an ġealaċ a soillsi úaiṫe, agus tuitfid na réulta ó neaṁ, agus craiṫfiḋṫear suḃáilciḋe neiṁe.
Agus a núair do ḟéaċadar muintir Ai na ndíaiġ, do ċonncadar, agus, féaċ, do ċuáiḋ deataċ na caiṫreaċ súas go neaṁ, agus ní raiḃ neart aca teiṫeaṁ don táoiḃsi ná don táoiḃ oile: agus na dáoine do ṫeiṫ fan ḃfásaċ do ḟilleadar ar a nais ar an ttóir.
Agus béid ríġṫe na talṁan, ag gul agus ag caói ar a son, noċ do ċaiṫ a mbeaṫa a naḋaltrannas agus a sáiṁe maille ría, an tan ċifid deataċ na teineaḋ ré loisgfiġṫear í,
Agus do ṡéid an céudaingeal a sdoc, agus tárrla cloiċṡneaċda agus teine ann ar na gcumasg ré fuil, agus do teilgeaḋ íad fón dtalaṁ: agus do ḋóiġeaḋ an treas cuid do na crannuiḃ, agus do dóiġeaḋ an féur glas uile.
Aċt a núair do ṫionsguin an lasair éirġe súas as an caṫruiġ maille re néull deatuiġ, daṁairceadar na Beniamitiġ na ndiáiġ, agus, feaċ, do éirgih lasair na caiṫreaċ súas go neaṁ.