Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ioel 2:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Sluigiḋ teine rompa; agus na ndiáiġ loisgiḋ lasair: atá an tír aṁuil gáirdin Eden rompa, agus na fásaċ uaigneaċ na ndiaiġ; aseaḋ, ní reaċa aoinni as uáṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ioel 2:3
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ṫóg Lot a ṡuile súas, agus do ċonnairc réiteaċ Jordan uile, go raiḃ uisge go maiṫ an gaċ éun taoḃ, suil do scrios an TIĠEARNA Sodom agus Gomorrah, eaḋon aṁuil gáirdin TIĠEARNA, cosṁuil re talaṁ na Héigipte, mar ṫig tú go Soar:


Agus do ṗlannduiġ an TIĠEARNA Día garḋaḋ táoḃ ṡoir ann Eden; agus do ċuir sé an duine do ċum sé ann sin.


Tiucfaiḋ ar Ndía, agus ní ḃiáiḋ na ṫoċd: loisgfiḋ teine roiṁe, agus biáiḋ anfa iomarcaċ na ṫimċioll fa gcuáirt.


Téid teine roiṁe, agus loisgfe sí a naiṁde fa ccuairt na ṫimċioll.


Oír do ḟolċadar aġaiḋ na talṁan uile, ionnus gur dorċuiġeaḋ an talaṁ: agus a dúadar gaċ uile luiḃ ar an ttalaṁ, agus uile ṫoraḋ na gcrann, noċ do ḟág an ċloiċṡneaċda: agus níor ḟan einní glas ar na crannuiḃ, nó a luiḃiḃ na talṁan, ar feaḋ ċríċe na Hégipte uile.


Agus faleoċuid síad aġaiḋ na talṁun, naċ buḋ féidir le duine an talaṁ dfaicsin: agus íosuid síad an fuiġioll do ċuáiḋ as don ní noċ do ṁair aguiḃsi ón ċloiċṡneaċda, agus íosuid gaċ uile ċrann dar ḟás díḃ as an ttalaṁ:


Do rinne an sáoġal aṁuil fásaċ, agus do ṁill a ċaiṫreaċa; nár ḟosguil tíġ a ṗríosúnaċ?


¶ Oír béid uisgeaḋa Nimrim mar ḟásaċ: óir do ċríon an luiḃ, do ṁeaṫ an féur, ní ḃfuíl ní glas ar bíṫ.


Agus cruinneoċṫar ḃur néadáil aṁuil cruinniuġaḋ an ċaterpiller: mar ṡiuḃal an lócuiste ag dul ṫríd siuḃaliḋ se orra.


Oír coiḃreoċuiḋ an TIĠEARNA Sion, coiḃreoċuiḋ sé a háite fásuiġ uile; agus do ḋéana sé a fásaċ cosṁuil ré Heden, agus a díoṫraṁ cosṁuil ré gáirdin an TIĠEARNA; do ġeiḃṫear gáirdeaċus agus sólás ann sin, breiṫ ḃuiḋe, agus guṫ ceóil.


¶ Oír loisgiḋ an tolc mar ṫeine: loisgfiḋ na dreasa agus na dosáin, agus lasfuiḋ a ttiuġ ná ḃforaóiseaċ, agus éireoċuid súas cosṁuil ré héirġe súas deatuiġe.


Tre ḟeirg ṪIĠEARNA na slóġ dorċuiġṫear an dúiṫċe, agus béid na daóine mar ċonnaḋ na teineaḋ: ní ċoigeola áonduine a ḋearḃraṫair.


Agus íosfuid síad súas ṫfóġṁar, agus harán, noċ díosaidís do ṁic agus hinġeana: íosfuid síad súas do ṫréada agus hairġeaċa: iosfuid síad súas ṫfíneaṁna agus do ċrainn fígeaḋ: boiċtecċuid síad leis an ccloiḋeaṁ do ċaiṫreaċa daingne, iona ḃfuil do ḋóṫċus.


Agus a déaruid siad, Atá an dúṫaiġsi do ḃí bán aṁuil gáirdín Eden; agus atáid na caiṫreaċa fásuiġ agus aonránaċ agus scriosta dangion, agus áitreiḃṫe.


¶ Is marso do ṫaisbéin an Tiġearna DIA ḋaṁsa: agus, féuċ, do ġoir an Tiġearna DIA ceannairg le teine, agus do loisg sé an taigean mór, a duáiġ súas cuid dí.


Oír, féuċ, tógḃuim súas na Caldéanuiġ, an cineaḋ searḃ deiṫneasaċ sin, noċ imṫiġios tre leiṫead na tíre, do ṡealḃuġaḋ na náiteaċ ccoṁnúiḋe naċ leó féin.


Aċt do scanruiḋ mé íad le gaóiṫ ġuáirdeáin a measg na nuile ċineaḋaċ nar ḃaiṫniḋ ḋóiḃ. Marso do ḃí an tír áonranaċ na ndiaiġ, iondus naċ gaḃaḋ duine ar bioṫ ṫríṫe nó air a ais: dfágḃadar a ndúṫaiġ ṫaitneamaċ na fásaċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ