Agus ċúirfios mé mo spiorad ionnuiḃ, agus ḃeiṫi beó, agus ṡuiġḋeoċas mé ion ḃur ndúṫaiġ féin siḃ: ann sin aiṫeontaói gur misi an TIĠEARNA do laḃair é, agus do ċoiṁlíon é, a deir an TIĠEARNA.
¶ Agus dóirtfiḋ mé air ṫiġ Ḋáiḃi, agus ar áitreaḃṫaċaiḃ Ierusalem, spiorad na ngrás agus na neadarġuiḋeaḋ; agus féuċfuid orumsa noċ do ṫolladar, agus caóiḋfid air a ṡonsan, mar ċaóiḋios duine ar son a aoínṁic, agus béid siad a ndoilġios air a ṡon, aṁuil mar ḃíos duine a ndoilġios ar son a ċéidġine.
Oír is tré aoin Sbioruid do baisdeaḋ sinn uile ċum éunċoirp, más Iúduiġe sinn nó Gréugaíġ, más sáor nó daor sinn; agus tugaḋ deoċ ḋuinn uile ré a híḃe ċum éin Sbioruide.
Mar naċ ḃfuil Gréugaċ agus Iúduiġe, timċillġearraḋ agus neaṁṫimċillġearraḋ, duine barbarṫa, agus Scitían, dáor agus sáor: aċd Críosd na uile agus ann sna huiliḃ.