Is cuṁaċtaċ an TIĠEARNA do Ḋía ann do lár: tárṫoċa sé, gáirdeoċa sé ós do ċionnsa lé lúaṫġair; coiṁneoċa sé ann a ġráḋ, gáirdeoċa sé ós do ċionn le caintic.
Marsin aiṫeontaói gur misi an TIĠEARNA ḃur Ndía ag áitreaḃ ann Sion, mo ṡlíaḃ náomṫa: annsin biáiḋ Ierúsalem náoṁṫa, agus ní raċfuiḋ coiṁiġṫeaċ ar bioṫ ṫríṫe ní is mó.
Annsin aiṫeonuid síad gur misi an TIĠEARNA a Ndía, noċ ṫug fa deara a mbreiṫ a láiṁ ameasc na ngeinteaḋ: aċt do ċruinniġ mé dá ttír féin íad, agus níor ḟág mé áon díoḃ ní as mó annsin.
Oír siuḃluiġ do ṪIĠEARNA Día a lár do ċampa, dot ċuṁdaċsa, agus do ṫaḃairt do náṁad súas ad ḟíaġnuisi; ar a naḋḃarsin biáiḋ do ċampa náoṁṫa: go naċ ḃfaiciḋ sesion éainni salaċ ionnad, agus go ḃfillfeaḋ sé uáit:
Agus do ċúala mé gúṫ mór ó neaṁ ag ráḋ, Féuċ, tabernacuil Dé ag daóiniḃ, agus do ḋéunuiḋ seision coṁnuiḋe na ḃḟoċair, agus béid síadsan na bpubal aige, agus biáiḋ Día féin na ḃfoċairsion, agus buḋ he a Ndía.
Do ċuáiḋ tú súas ar árd, ṫugais braiġdeanas a mbraiġdeanas leaċd: do ġaḃ tú tioḋlaicṫe ar son daóine; agus fós, ar son na méirleaċ, ċum coṁnuiḋe na measc a ṪIĠEARNA Día.
Nó créd é an ceangal do ḃíaḋ ag teampoll Dé agus ag ioḋaluiḃ ré ċéile? óir is siḃse teampoll Dé ḃí; do réir mar a duḃairt Día, Biáiḋ mé um ċóṁnuiḋe ionnta, agus siuḃólad na measg; agus biáiḋ me um Ḋía aca, agus béid síadsan na bpobal agamsa.
Oír is marso a deir an TIĠEARNA do ċrúṫaiġ na neaṁa; Día féin do ċum an talaṁ agus do rinne é; do ḋaingniḋ sé é, ní go díoṁaoin do ċrúṫaiġ sé é, do ċum sé é dá áitreaḃaḋ: is misi an TIĠEARNA; agus ní hé maiṫearaċ.
Ná hímeagluiġiḋ, agus ná bíoḋ úaṁan oruiḃ: naċ ar innis misi ḋuit ó namsin, agus dfoillsiġ mé é? siḃsi féin mo ḟíaḋnuiġṫe. An ḃfuil Día táoḃ amuiġ ḋíomsa? a seaḋ, ní ḃfuil aóin Día; ní haiṫniḋ daṁ áon.
Agus buḋ ríġṫe ḃías na naiṫreaċuiḃ oileaṁna agad, agus bainríoġna na mbanaltrannuiḃ: cromfuid síos duit go na naiġṫiḃ ċum na talṁan, agus liġfid súas luáiṫreaḋ do ċos; agus aiṫeonuiḋ tú gur misi an TIĠEARNA: óir ní ḃiáiḋ náire ar an luċd ḟeiṫios orumsa.
Agus cuirfe mé féiṫeaċ oruiḃ, agus do ḃéara mé feóil súas oruiḃ, agus foileoċa mé siḃ lé croicionn, agus cúirfe mé anál ionnuiḃ, agus beiṫí béo; agus biáiḋ a ḟios aguiḃ gur misi an TIĠEARNA.
Annsa ló sin ní ḃiáiḋ náire ort ar son huile gníoṁ, ionar ṡáruiġ tú am aġuiḋsi: óir annsin do ḃéara me amaċ as do lár an ṁéid ġáirdiġios ann húaḃar, agus ní ḃiáiḋ tú uáiḃreaċ ni is mó do ḃríġ mo ṡléiḃte náoṁṫasa.
Agus a duḃairt Maóise ris, An ḃfuil tnúṫ ortsa ar mo ṡonsa? do bfearr liom go mbeidís pobal an TIĠEARNA uile na ḃfáiġiḃ, agus go ccuirfeaḋ an TIĠEARNA a spiorad orra.