Guiḋim ṫú, glac mo ḃeannuġaḋ, tugaḋ ċugad; do ċionn go raiḃ Día go grásaṁuil riom, agus do ċionn go ḃfuil go lór agam. Agus do ṡárúiḋ air, agus do ġaḃ sé an tioḋlaiceaḋ.
Agus do ġaḃadar caiṫreaċa daingne, agus dúiṫċe ṁéiṫ, agus do ṡealḃuiġeadar tiġṫe lán don nuile ṁaóin, toibreaċa toċuilte, fíneaṁnaċa, agus luḃġoirt ola, agus croinn ṫoruiḋ go lór: iondus gur iṫeadar, agus gur líonaḋ íad, agus gur ḟásadar méiṫ, agus gur ṡólásuiġeadar íad féin ann do ṁaiṫeas mórsa.
Ataim ar tteaċt dom ġáirdín, a ḋeirḃṡíur, a ḃainċéile: do ċruinniġ mé mo ṁirr, agus mo spíosraḋ; a duáiḋ mé mo ċríaṫar meala maille re mo ṁil; diḃ mé mfíon lem ḃainne: iṫiḋ, a ċairde; iḃiḋ, iḃiḋ fós go lór, a áos gráḋa.
Agus buḋ ríġṫe ḃías na naiṫreaċuiḃ oileaṁna agad, agus bainríoġna na mbanaltrannuiḃ: cromfuid síos duit go na naiġṫiḃ ċum na talṁan, agus liġfid súas luáiṫreaḋ do ċos; agus aiṫeonuiḋ tú gur misi an TIĠEARNA: óir ní ḃiáiḋ náire ar an luċd ḟeiṫios orumsa.
¶ Ná heagluiḋ; óir ní ḃía náire ort: ní mo ċuirṫear as órduġaḋ ṫu; óir ní ċuirṫear ċum naire ṫú: óir dearmadfuiḋ tú náire hóige, agus ní ċuiṁneoċa tú masla do ḃaintreaḃaċus ní as mó.
Cred fá ccaiṫiġe airgiod ar ní naċ arán? agus ḃur sáoṫar re ní naċ sásuiġeann? eístiġ go dúṫraċtaċ riomsa, agus iṫiḋ an ní is maiṫ, agus bíoḋ dúil ag ḃur manam a méuṫus.
Agus a nuáir ḃrisfeas mé bata ḃur naráin, bruiṫfiḋ deiṫneaṁar ban ḃur narán a néanḃácus aṁáin, agus do ḃéaruid ḃur narán díḃsi ar na ṫoṁas: agus íostáoi agus ní ḃeiṫí sáṫaċ.
Agus béaruiḋ ḃur mbúalaḋ go ham an nḟínḟoġṁair, agus sinuiġ an nḟinḟoġṁair gus an síolċur: agus iostáoi ḃur narán go maḋ lán, agus áiteoċṫáoi íonḃur nduṫaiġ go daingean.
Iosuiḋ tú, aċt ní ḃiáiḋ tú sáiṫeaċ; agus biáiḋ do ṫeilgion síos ann do lár; agus ḃéaruiḋ tú greim, aċt ní ṡáorfa tú; agus do ḃéara misi an ní ṡáorfas tú don ċloiḋeaṁ.
Annsa ló sin ní ḃiáiḋ náire ort ar son huile gníoṁ, ionar ṡáruiġ tú am aġuiḋsi: óir annsin do ḃéara me amaċ as do lár an ṁéid ġáirdiġios ann húaḃar, agus ní ḃiáiḋ tú uáiḃreaċ ni is mó do ḃríġ mo ṡléiḃte náoṁṫasa.
Cuiṁdeaċuiḋ TIĠEARNA na slóġ íad; agus sluigfid siad, agus claóiḋfid síad lé cloċaiḃ taḋḃuill; agus ioḃṫuid, agus do ḋéanuid giorac aṁuil tré ḟíon; agus béid lionta mar scáluiḃ, agus mar ċorruiḃ na haltóra.
Agus biáiḋ gáirdeaċus oruiḃ a laṫair an TIĠEARNA ḃur Ndía, siḃ féin, agus ḃur mic, agus ḃur ninġeana, agus ḃur nóglaoiċ, agus ḃur mbanóglaóiċ, agus an Leḃíteaċ ḃías táoḃ a stiġ dá ḃur ndoirsiḃ; do ḃríġ naċ ḃfuil roinn nó oiġreaċd aige maille riḃ.
Aċd íosa tú íad a ḃfiaḋnuisi an TIĠEARNA do Ḋía ann sa náit ṫoiġfeas an TIĠEARNA do Ḋía, ṫú féin, agus do ṁac, agus hinġion, hóglaċ, agus do ḃanóglaċ, agus an Leḃíteaċ ḃías táoḃ a stiġ dot ḋoirsiḃ: agus biáiḋ lúṫġáir ort a ḃfiaḋnuisi an TIĠEARNA do Ḋía an gaċ uile ní a ccuirfe tú do láṁa.
Agus is annsin iostaói a ḃfiaḋnuisi an TIĠEARNA ḃur Ndía, agus do ḋéantaoi gáirdeaċus ion gaċ uile ni dá ccuirfiġe ḃur láṁ ann, siḃ féin agus ḃur muinntir, mar ar ḃeannuiġ an TIĠEARNA ḃur Ndía siḃ.
Fogair don druing atá sáiḃḃir sa tsáoġalsa, gan ḃeiṫ áirdinntinneaċ, ná a muiniġin do ċur a sáiḋḃreas neaṁbuáin, aċd sa Día ḃeó do ḃeir ḋúinne go sáiḋḃir na huile neiṫer ċum a ccaiṫṁe;
Agus a nois, a ċlann ḃeag, déunuiġ coṁnuiġe annsan; ionnas, an tan ḟoillseóċar é, go mbiáḋ dánaċd aguinn, agus naċ mbiáiḋ náire oruinn na ḟiaḋnuise an tan ṫiucfas sé.