25 Agus aiseoga mé ḋíḃ na blíaḋna a duáiġ an lócust, an ṗéist ċancair, agus an caterpiler, agus an ṗéist palmer, mo ṡlúaġ mór noċ do ċuir mé ḃur measc.
Agus faleoċuid síad aġaiḋ na talṁun, naċ buḋ féidir le duine an talaṁ dfaicsin: agus íosuid síad an fuiġioll do ċuáiḋ as don ní noċ do ṁair aguiḃsi ón ċloiċṡneaċda, agus íosuid gaċ uile ċrann dar ḟás díḃ as an ttalaṁ:
Gearrfuid síad síos a foraois, a deir an TIĠEARNA, má tá naċ féidir a spíonaḋ; do ḃríġ gur lía íad náid na dréolláin teasḃuiḋ, agus naċ féidir a náireaṁ.
Agus nearteoċa misi tiġ Iúdah, agus sáorfa mé tiġ Ióseṗ, agus do ḃéara mé liom íad da suiġiuḋ; óir atá truáiġe agam ḋóiḃ: agus béid aṁuil naċ tteilgfinn uáim íad: óir is misi an TIĠEARNA a Ndía, agus éistfiḋ mé íad.
Agus imaiṫḃeorad an millteaċ ar ḃur sonsa, agus ni ṁillfiḋ sé torrṫa ḃur ttalṁan; ní mó ṫeilgfeas ḃur ḃfineaṁain a toraḋ roiṁe a nam san maċaire, a deir TIĠEARNA na slóġ.