Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ioel 2:23 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 Bíṫí meanmnaċ maseaḋ, a ċlann Sion, agus lúaṫġairiġiḋ annsa TIĠEARNA ḃur Ndía: óir ṫug sé an ċeidḟearṫuinn díḃ go measarḋa, agus do ḃeara sé air an ḃfearṫuinn teaċd a núas ċugaiḃ, an ċeidḟearṫuinn, agus a nfearṫuinn ḋeiġionaċ annsa ċéiḋṁí.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ioel 2:23
42 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin cluinse a ḃflaiṫeaṁnus, agus maiṫ peacaḋ do ṡerḃíseaċ, agus do ṗobail Israel, go múiniḋ tú ḋóiḃ an tsliġe ṁaiṫ iona siuḃoluid síad, agus taḃair fearṫuinn annsa tír, noċ ṫug tú dot ṗobal mar oiġreaċd.


Má ḃíonn teaċdaire na ḟoċair, fear friotuil, áon a measc míle, do ṫaisbeanaḋ a ċeart do ḋuine:


Do ḃeir sé air teaċt, más air son smaċtuġaḋ, nó ar son a ḟearuinn, nó ar sou trócaire.


Bu milis mo smuáintiġṫe ḋaṫaoḃsan: do ḋéanad gáirdeaċus ansa TTIĠEARNA.


Noċ ḟolċus neaṁ ré néulluiḃ, noċ ullṁuiġias fearṫuinn don talaṁ, noċ do ḃeir air ḟéur fás air na sléiḃtiḃ.


Déanaḋ Israel lúaṫġáire iona crúṫaiġṫeóir: déindís clann Ṡíon sólás ann a Ríġ.


Isé an TIĠEARNA mo neart agus mo scíaṫ; do ċuir mo ċroiḋe a ḋóiġ ann, agus do coḃruiġeaḋ mé: ar a naḋḃarsin do ḋéana mo ċroiḋe gáirdeaċus; agus molfad é le mo ċaintic.


Déanuiḋ gáirdeaċus annsa TIĠEARNA, agus bíṫí lúaṫġáireaċ, siḃsi a ḟíréuna: agus déanuiḋ lúaṫġáir, siḃsi uile noċ atá díreaċ a ccroiḋe.


Noċ ag gaḃáil ṫríd ġleann Bacca do níd é aṁuil tiubruid; agus líonuid fós a nfearṫuinn na loċáin.


Bí beaṫa a solus ġnúise an ríġ; agus a ḟaḃar aṁuil néul fearṫanna deiġionuiḋ.


Agus do cluinfid do ċlúasa focal táoḃ ṡíar ḋíot, ḋá ráḋ, Sí so an tsliġe, siuḃluiġiḋ innte, a nuáir ḟillfiḋe ar an láiṁ ḋeis, agus a nuáir ḟillfiḋe ar an láiṁ ċlé.


Annsin do ḃéara sé fearṫuinn do ṡíl, le a siolċuirfe tú ṫfearann; agus arán do ḃiseaċ na talṁan, agus biáiḋ sé méiṫ agus tóirṫeaċ: annsa lósin inġeiltfiḋ háirnéis a maċairiġiḃ fairsinge.


Cáiṫfiḋ tú íad, béaruiḋ an ġaoṫ lé íad, agus cráoḃsgaóilfe an ġáoṫ ġuáirdeáin íad: agus gáirdeoċuiḋ tusa annsa TIĠEARNA, agus do ḋéana tú gloir a Náon Náoṁṫa Israel,


Gáirdeoċuiḋ mé go mór annsa TIĠEARNA, biáiḋ manam sólásaċ ann mo Ḋia; óir déaduiġ sé mé a cculaḋuiḃ an tslánaiġṫe, dfoluiġ sé mé le róba na firéantaċda, aṁuil ċóiriġeas fear núaḋpósta é féin le breáġaċtuiḃ, agus mar ċóiriġeas an ḃean núaḋṗósta í féin lé na séuduiḃ.


Uimesin do congṁaḋ na ceaṫa, agus ní raiḃ an fearṫuinn deireanaċ ann; agus do ḃí éadan stríopuiḋ agadsa, do ḋiúlt tú ḃeiṫ náireaċ.


Ní mó a deirid síad iona ccroiḋe, Bioḋ anois eagla an Tiġearna DIA oruinn, noċ do ḃeir fearṫuinn, fa ṫús agus fa ḋeireaḋ iona ham féin: coiṁéaduiġ sé ḋúinne seaċdṁuine cinnte a nfóġṁair.


Mic ṁórluaiġ Sion, a ccoiṁmeas ré hór fínealta, ciondus atáid ar na meas aṁuil meadar críaḋ, obair an ṗotadóra!


Agus do ḋéana mé beannuġaḋ ḋíoḃsan agus do na háitiḃ timċioll fa ccúairt mo ċnuic; agus do ḃéara mé ar an ccioṫ ṫeaċt a núas iona am; biáiḋ ceaṫa beannaċda ann.


Annsin aiṫeonam, ma ṫéiġmid air ar naġaiḋ daiṫniuġaḋ an TIĠEARNA: atá a ḋul amaċ ullaṁ mar an ṁaidin: agus tiucfa sé ċugainn mar a nfearṫuinn, mar a nfearṫuinn deiġionuiġ agus ṫosuiġ ċum na talṁan.


Annsin do ḃéura mé fearṫuinn ḋiḃ na ham féin, agus do ḃéura an talaṁ a ḃíseaċ, agus do ḃéaruiḋ croinn an ṁaċaire a ttoraḋ.


Agus marsin do ċonnaiṁ mé a nfearṫuinn uáiḃ, a nuáir do ḃádar fós trí ṁí gus an ḃfóġṁar: agus ṫug mé air fearṫuinn air áonċaṫruiġ, agus ṫug mé air gan fearṫuinn air ċaṫruiġ oile: do fearaḋ air ċuid aṁáin, agus an ċuid air nar fearaḋ do ċríon sé.


Iarruiḋsi air an TIĠEARNA fearṫuinn an am na fearṫanna deiġionuiġ: mar sin do ḋéana an TIĠEARNA néulla soillseaċ, agus do ḃéara sé ḋóiḃ ceaṫa fearṫanna, féur do gaċ áon annsa ṁaċaire.


Agus biáiḋ Eṗraim aṁuil duine cumasaċ, agus gáirdeaċuiḋ a ccroiḋe aṁuil buḋ tré ḟíon: fós, do ċífid a cclann é, agus béid lúaṫġaireaċ; agus gáirdeoċuiḋ a ccroiḋe annsa TIĠEARNA.


A nuáir do ċláon mé Iúdah ḋaṁ féin, do líon mé an boġa air Eṗraim, agus do ṫoig mé súas do ṁic, a Ṡion, a naġaiḋ do ṁacsa, a Ġréag, agus do rinne mé ṫú aṁuil cloiḋeaṁ ḋuine neartṁuir.


¶ Urġaírdiġ go mór, a inġean Ṡion: gáir, a inġean Ierusalem: féuċ, atá do Ríġ ag teaċt a tḟoċair: atá sé ceart, agus slánuġaḋ aige; go huirisiol, ag marcuiġeaċd air assal, agus air ḃromaċ searraċ assail.


Bíoḋ nar ḟág sé é féin gan ḟíaḋnuise, ag déunaṁ maiṫeasa, ag taḃairt feaṫanna ḋuinn ó neaṁ, agus seusúir ṫórṫaiġ, ag líonaḋ ar gcroiḋeaḋ do ḃíaḋ agus do ġáirdeaċus.


Go ttiuḃra misi ḋáoiḃ fearṫuínn ḃur ttalṁan na ham féin, an ċéud fearṫuinn agus an ḟearṫuinn ḋeiġionaċ, ċor go ccruinneoċá tú a steaċ harḃar, agus ṫfíon, agus hola.


Oisceoluíḋ an TIĠEARNA a ionṁus maiṫ ḋuit, neaṁ do ṫaḃairt fearṫanna dot ḟearann na ham féin, agus do ḃeannuġaḋ uile oibreaċ do láṁ: agus do ḃéara tú áirleagaḋ do ṁórán do ċineaḋaċaiḃ, agus ní iarrfa tú áirleagaḋ.


Fearfuiḋ mo ṫeagasc mar ḟearṫuinn, silfiḋ mo ġlór mar ḋrúċd, mar an mínḟearṫuinn ar an luiḃ ṁáoiṫ, agus már na ceaṫa ar a ḃféur:


Tuilleaḋ eile, a ḋearḃraiṫre, déunuiḋ gáirdeaċas sa Dtíġearna. Go deiṁin ní léisg leam na neiṫer céudna do sgríoḃaḋ ċuguiḃ, agus as ní saḃálta ḋíḃse é.


Oír as sinne an timċillġearraḋ, noċ do ní seirḃís do Ḋía a sbíoruid, agus do ní gáirdeaċas a Níosa Críosd, agus naċ ccuireann ar muiniġin sa ḃfeóil.


Déunuiḋ gáirdeaċas do ṡíor sa Dtíġearna: a deirim a rís, Déunuiḋ gáirdeaċas.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ