22 Ná bioḋ eagla oruiḃ, siḃsi a ḃeaṫuiġ an ṁaġa: óir atáid inḃeara a nfásuiġ ag fás, óir do ḃeir an crann a ṫoraḋ, do ḃeir an crann fíge agus a nfíneaṁuin a neart.
Oír coiḃreoċuiḋ an TIĠEARNA Sion, coiḃreoċuiḋ sé a háite fásuiġ uile; agus do ḋéana sé a fásaċ cosṁuil ré Heden, agus a díoṫraṁ cosṁuil ré gáirdin an TIĠEARNA; do ġeiḃṫear gáirdeaċus agus sólás ann sin, breiṫ ḃuiḋe, agus guṫ ceóil.
Agus cred naċ ccoigeoluinnsi Nineḃeh, an ċaṫair ṁór sin, iona ḃfuil ní sa ṁó ná sé fiṫċid míle pearsa naċ eidírḋealuiġionn eider a láiṁ ḋeis agus a láiṁ ċlé; agus fós iomad áirnéise?
O do ḃádar na láeṫesin, an tan ṫáinic áon go cárn ḟíṫċiod miosúr, ní raiḃ aċt deiċ miosúir ann: a nuáir ṫáinic áon gus a númar brúiġte a nfíona do ṫarruing ċáogad soiġṫeaċ amaċ ón númar, ní raiḃ ann aċd fiṫċe soiṫeaċ.
Oír biáiḋ an síol soná; do ḃéara an ḟíneaṁuin a toraḋ, agus do ḃéara an talaṁ a ḃiseaċ, agus do ḃearuid na neaṁa a ndrúċt; agus do ḃéara mé air íarsma an ṗobailsi íadso uile do ṡealḃuġaḋ.