¶ Ná bíoḋ eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigḃríġeaċ: óir is misi do Ḋía: neirteoċuiḋ mé ṫú: fós, cuideoċa mé leaċd; fós, cuinneoċa mé súas ṫú le láiṁ ḋeis mo ċeirt.
Canuiḋ, a neaṁa; óir do rinne an ṪIĠEARNA é: gáiriḋ, a ċodċa íoċtaraċa na talṁan: brisiġ amaċ a cceol, a ṡléiḃte, a ḟoraóis, agus gaċ crann ionnad: óir dfúasgail an TIĠEARNA Iácob, agus do ġlóruiḋ sé é féin a Nísrael.
¶ Ná heagluiḋ; óir ní ḃía náire ort: ní mo ċuirṫear as órduġaḋ ṫu; óir ní ċuirṫear ċum naire ṫú: óir dearmadfuiḋ tú náire hóige, agus ní ċuiṁneoċa tú masla do ḃaintreaḃaċus ní as mó.
Oír raċṫaóisi amaċ maille re meanmuin, agus béarṫar amaċ siḃ maille re síoṫċáin: brisfid na sléiḃte agus na cnoic amaċ roṁuiḃ a gceól, agus buáilfid uile ċranna an ṁaġa a láṁa.
Aċt áṫroċa mé a ḃfad uaiḃ slúaġ an tuáisceirt, agus tairreonga mé é go tir ḟoluiṁ ḟásuiġ, gun a aġaiḋ leaṫ ris an ḃfairge ṡoir, agus a ċuid síar ḋe leaṫ ris an ḃfairge is faide amaċ, agus tiucfuiḋ a ḃréuntas súas, agus tiucfuiḋ a ḋroċḃolaḋ súas, do ḃríġ go ndéarnuiḋ sé neiṫe móra.
¶ Oír fíafruiġe á noís ó na laéṫiḃ do ċuáiḋ ṫort, noċ do ḃí roṁad, ón ló fár ċruṫaiġ Día an duine ar an ttaluṁ, agus fíafruiġ ón ttáoḃ go ċéile do ḟlaiṫeaṁnus, an raiḃ leiṫéid an neiṫe ṁóirsí, nó ar ċlos a leiṫéid?