Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ioel 2:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Lá dorċaċta agus grúamaċda, lá néull agus dorċadais ṫiuġ, mar do leaṫnuiġ an ṁaidin air na sléiḃtiḃ: pobal mór láidir; naċ ḃfacus a leiṫéid, agus naċ biáiḋ ní sa ṁó na ḋiáiġ, eaḋon go blíaḋuin ṁóráin ginealaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ioel 2:2
34 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

A duḃairt sé iona ċroiḋe, Ní corroċar mé: óir ní ḃía mé go bráṫ a naindeisi.


Atá néulla agus dorċadus fa ccuáirt na ṫimċioll: fíréuntaċd agus breiṫeaṁnus is áit a ċaṫaóir ríoġa.


Agus do ċuádar na lócuistiġ súas ar feaḋ ċríċe na Hégipte uile, agus do ḟasadar a ttóranuiḃ na Hégipte uile: do buḋ roḋoiliġ íad: ní raiḃ a leiṫeid do lócuistiḃ rompa a ríaṁ, agus ní mo ḃías a leiṫeid na ndiáiġ.


Agus líonfuid síad do ṫiġṫe, agus tiġṫe do ṡearḃiseaċ uile, agus tiġṫe na Négipteaċ uile; ní naċ ḃfacaiḋ haṫair, nó aṫair haṫar ón ló fa raḃadar ar an ttalaṁ, gus a niuġ. Agus do iompóiġ sé é féin, agus do ċuáiḋ amaċ ó Ṗárao.


Agus do ṡeas an pobal amaċ, agus do ḋruid Maóise a ngar don dorċadas tiuġ mar a raiḃ Día.


Agus annsa lósin conġairfid na aġaiḋ aṁuil confaḋ na fairge: agus má ḟéuċann aon ar an ttír, féuċ dorċadas agus dóbron, agus dorċuiġṫear an solus sin annsna neaṁuiḃ.


Agus féuċfuid ċum na talṁan; agus féuċ buáiḋreaḋ agus dorċadus, agus doille ġoiṁe; agus tiomáinfiġṫear a ndorċadus íad.


Tugaiḋ glóir dá ḃur TTIĠEARNA Día, suil dó ḃéara sé dorċadus, agus suil ṫuisleoċuid ḃur ccosa ar na sléiḃtiḃ dorċa, agus, an feaḋ ḃeiṫí ag feiṫioṁ re solus, go ḃfillfiḋ séision é a sgáile an ḃáis, agus go ndéana sé dorċaċt ṫiuġ ḋe.


Agus tárla tar éis ṁóráin do láeṫiḃ, go ndúḃairt an TIĠEARNA riom, Eiriġ, imṫiġ go Heuṗrátes, agus taḃair an críos as sin, noċ daiṫin mé ḋíot dfólaċ ann.


¶ An ní gan suim ḋiḃ é, an ṁéid agaiḃsi uile ġaḃus láiṁ riom? féuċuiḋ, agus faiciḋ an ḃfuil dobrón ar bioṫ mar mo ḋóḃrónsa, noċ do rinneaḋ orum, ler smaċtaiġ an TIĠEARNA mé a ló a ḟeirge buirbe.


Agus an tan ċuirfios mé ṫusa amaċ, foileoċa mé flaiṫeaṁnus, agus do ḋéana mé a réulta dorċa; foileoċa mé an ġrían lé néull, agus ní ṫiuḃruiḋ an ġoalaċ a solas uaiṫe.


Aṁuil lórgairios áoḋaire a ṫréud annsa lo a mbí sé a measc a ċáoraċ ṫéid ar seaċrán; marsin lóirgeoradsa mo ċáoiriġ, agus sáorfa mé íad as na huile áitiḃ ionar scánnruiġeaḋ íad annsa ló néullaċ ḋorċa.


Eíreoċa tú súas agus bíaiḋ tú cosṁuil ré hanfa, biáiḋ tú cosṁuil ré néull dfolaċ na tíre, ṫusa, agus do ḃannaḋa uile, agus mórán daóine maille riot.


Agus annsa namsin seasfuiḋ Miċael súas, an prionnsa mór ṡeasas air son ċloinne do ṗobailsi: agus biáiḋ am buáiḋearṫa ann, a leiṫéid naċ raiḃ a ríaṁ eaḋon go nuige an tamsin: agus annsa namsin sáorfuiġear do ṗobalsa, a nuile ḋuine dá ḃfuiġṫear scrioḃṫa annsa leaḃar.


Agus do ċoiṁlíon sé a ḃríaṫra, noċ do laḃair se ar naġaiḋ, agus a naġaiḋ ar mbreiṫeaṁan ṫug breiṫeaṁnus oruinn, lé taḃairt uilc ṁóir oruinn: óir ní déarnaḋ faói neaṁ go hiomlán aṁuil do rinneaḋ air Ierusalem.


Oír ṫáinic cineaḋ a níos ar mfearan, láidir, agus gan áireaṁ, a ḃfuilid a fíacla aṁuil fíacla leoṁuin, agus atáid fíacla carbaid leoṁuin ṁóir aige.


Agus aiseoga mé ḋíḃ na blíaḋna a duáiġ an lócust, an ṗéist ċancair, agus an caterpiler, agus an ṗéist palmer, mo ṡlúaġ mór noċ do ċuir mé ḃur measc.


Fillfiġear an ġrían a ndorċadas, agus an ġealaċ a ḃfuil, rioṁe an lá mór agus úaṫḃásaċ an TIĠEARNA do ṫeaċt.


Cosṁuil lé fuáim ċarbad ar ṁulluiġiḃ na slíaḃ lingfid síad, aṁuil toruinn lasraċ teineaḋ loisgios an connlaċ, aṁuil dáoine láidre a nórduġaḋ caṫa.


Tuilleaṁ oile, cred ḃur nimṫeaċdsa orumsa, a Ṫíor, agus a Ṡídon, agus uile ċóstaḋa Ṗalestin? an ccúiteoċṫaói luáiḋeaċd riom? agus má leasuiġionn siḃ riom, filltiḋ mé go lúaṫ agus go tapuiḋ ḃur ccúitiuġaḋ air ḃur ccionn féin;


Oír, féuċ, na té ċumas na sléiḃte, agus ċruṫuiġios an ġáoṫ, agus ḟoillsiġios don duine cred is sinúaineaṁ ḋó, do ní dorċadas don ṁaidin, agus ṡaltras a náitiḃ árda na talṁan, isé a ainm, An TIĠEARNA, Día na slóġ.


Bí ad ṫoċd lé faicsin an Tiġearna DIA: óir atá lá an TIĠEARNA do laṫair: óir do ġléas an TIĠEARNA íoḋbuirt, dfúagair sé dá luċt cuiriḋ.


Agus tiucfuiḋ a ccríċ annsa ló sin, naċ biáiḋ an solus glan, nó dorċa:


Oír bíaḋ aṁgar mór ann tráṫsin, aṁail naċ raiḃ ann ó ṫús an doṁain gus a nois, agus naċ mbiaiġ go bráṫ.


Oír biáiḋ annsna laéṫiḃsin aṁgar, aṁail naċ raiḃ a leiṫéid ann ó ṫús cruṫaiġe na neiṫeaḋ do ċruṫaiġ Día go soiṫe so, agus náċ bía go bráṫ.


¶ Cuiṁniġ na seanlaéṫe, cuiṁniġ bliaġna gaċ ginealuiġ: fíafruiġ dot aṫair, agus táisbeonuiḋ sé ḋuit; dot ṡinsearuiḃ, agus inneosuid duit.


Oír ní ċum an tsléiḃ ṫangaḃair ré a ḃféudtar cumailt, ná ċum na tíneaḋ lasarrġa, ná ċum na sdoirme, ná an dorċaduis, na an gairḃṡíain,


Garḃṫonna fairge, sgeiṫeas a náire féin aṁuil ċúḃar; réulta seaċráin, fá ċóṁair a ḃfuil an dorċadas fíorḋorċa dá ṫaisge go síorruiḋe.


Agus do ḟosguil sé an poll duḃaigéin; agus do éiriḋ deataċ as an bpoll, aṁuil as úaṁuiġ ṁóir ṫeineaḋ; agus do rinneaḋ an ġrían agus an taiéur dorċa ó ḋeatuiġ an ṗuill.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ