Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ioel 2:19 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Fós, freagóruiḋ an TIĠEARNA agus déaruiḋ re na ṗobal, Féuċ, cuirfe mé arḃar, agus fíon, agus ola ċugaiḃ, agus beiṫí sáiṫeaċ leis: agus ní ḋéana mé masla ḋíḃ ní sa ṁó a measg na ngeinteaḋ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ioel 2:19
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Uimesin tiucfuid síad agus canfuid a mullaċ Ṡion, agus tuileoċuid a naóinḟeaċt ċum maiṫeasa an TIĠEARNA, ar son cruiṫneaċt, agus ar son fíona nuáiḋ, agus ar son ola, agus ar son óg an tréada agus na háirġe: agus biáiḋ a nanam aṁuil gáirdín ar na ḟliuċaḋ; agus ní ċaóiḋfid nísa ṁó ar áonċor.


Agus tóigfe mé súas dóiḃ plannda clúiteaċ, agus ní muirfiġear ní is mó íad lé gorta annsa tír, ní mó iomċoruid náire na ngeinteaḋ ní is faide.


Ni mó ḃéaras misi air ḋaóiniḃ náire na ngeinteaḋ do ċluinsion ionnad ní is mó, ni mo iomċuras tú tárcuisneáċd na ndaoine ni is mo, ní mó ḃéaras tusa air na cineaḋaċaiḃ tuitim ní is mó, a deir an Tiġearna DIA.


Fós táirṫeoċa mé siḃ ó ḃur nuile ṡalċar: agus goirfiḋ mé air a narḃar, agus méideoċa mé é, agus ní ċuirfiod gorta ar biṫ oruiḃ.


Agus méideoċa mé toraḋ an ċroinn, agus biseaċ an ṁaċaire, ċor naċ ḃfaġṫaoi ní is mó do ṁasla gorta a measg na ngeinteaḋ.


Ní mó ċeilfios mé maġaiḋ orra ní is mó: oir do ḋóirt mé amaċ mo spíorad air ṫiġ Israel, a deir an Tiġearna DIA.


Agus do ḃéara mé gárraḋa a fíneaṁna ḋí as sin, agus gleann Aċor mar ḋorus dóṫċuis: agus do ḋéana sí céol annsin, mar a láeṫiḃ a hóige, agus aṁuil an lá ṫánic sí súas amaċ as criċ na Hégipte.


Agus tiucfa á ccríċ annsa ló sin, go ccluinfe misi, a deir an TIĠEARNA, cluinfiḋ mé na neaṁa, agus cluinfid sin an talaṁ,


Agus cluinfiḋ an talaṁ an tarḃar, agus an fíon, agus a nola, agus cluinfid síadsan Iesreel.


Atá an maċaire na ḟásaċ, do ní an talaṁ doilġios; óir do hanċaiṫeaḋ an tarḃar: do ṫiormaiġ an fíon núaḋ, atá a nola ag cnaói.


Agus béid na hurláir lán do ċruiṫneaċt, agus raċuid na daḃċa ṫairis lé fion agus le hola.


Agus béaruiḋ ḃur mbúalaḋ go ham an nḟínḟoġṁair, agus sinuiġ an nḟinḟoġṁair gus an síolċur: agus iostáoi ḃur narán go maḋ lán, agus áiteoċṫáoi íonḃur nduṫaiġ go daingean.


Oír biáiḋ an síol soná; do ḃéara an ḟíneaṁuin a toraḋ, agus do ḃéara an talaṁ a ḃiseaċ, agus do ḃearuid na neaṁa a ndrúċt; agus do ḃéara mé air íarsma an ṗobailsi íadso uile do ṡealḃuġaḋ.


Aċd íarruiġ ar tús flaiṫeas Dé, agus a ḟiréuntaċdsan; agus teilfiḋṫear na neiṫesi uíle ċugaiḃ.


Go ttiuḃra misi ḋáoiḃ fearṫuínn ḃur ttalṁan na ham féin, an ċéud fearṫuinn agus an ḟearṫuinn ḋeiġionaċ, ċor go ccruinneoċá tú a steaċ harḃar, agus ṫfíon, agus hola.


¶ Ann sin do éiriġ sí maille re na bainċleaṁnuiḃ, ċor go ḃfillcaḋ sí as tír Ṁoab: óir do ċúalaiḋ sí a ttír Ṁoab mar do ḟiosruiġ an TIĠEARNA a ṗobal le taḃairt aráin dóiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ