Ioel 2:13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)13 Agus réabuiḋ ḃur ccroiḋṫe, agus narab íad ḃur néuduiġe, agus filliḋ ċum an TIĠEARNA ḃur Ndía: óir atá sé grásaṁuil agus trócaireaċ, mall ċum feirge, agus lán do ċíneul, agus atá aiṫreaċus air um a nolc. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Do ḃriġ go raiḃ do ċroiḋe máoṫ, agus gur uṁluiġ tú ṫú féin a laṫair an TIĠEARNA, a nuáir do ċúala tú cred do laḃair misi a naġaiḋ na háitesi, agus a naġáiḋ a haitreaḃaċ, go mbéidis na ḃfásaċ agus na mallaċduin, agus gur réub tú héadaċ, agus gur ġuil tú am ḟíaḋnuise; do ċúala misi mar an gcéadna ṫú, a deir an TIĠEARNA.
Agus do ḋíultadar uṁluġaḋ, agus ní raḃadar cuiṁneaċ ar na hionġantuiḃ do rinne tusa na measc; aċt do ċruáiḋeadar a muinéil, agus iona cceannairc do órduiġeadar caiptín ċum iompóġ dá ndaóirsine féin: aċt is Día ṫusa réiġ ċum maiṫṁeaċuis, grásaṁuil agus trócaireaċ, mall ċum feirge, agus lán do ċinéul, agus níor ṫréig tú íad.