Agus cuirfiġear ó ċéile uile ṡlúaġ niṁe, agus crapfuiġear na flaiṫis a ccionn a ċéile aṁuil scrola: agus tuitfiḋ a slúaġ uile síos, mar ṫuitios an duille do nfineaṁuin, agus aṁuil fíge ṫuiteas don ċrann fíge.
Agus annsa lósin conġairfid na aġaiḋ aṁuil confaḋ na fairge: agus má ḟéuċann aon ar an ttír, féuċ dorċadas agus dóbron, agus dorċuiġṫear an solus sin annsna neaṁuiḃ.
Lá dorċaċta agus grúamaċda, lá néull agus dorċadais ṫiuġ, mar do leaṫnuiġ an ṁaidin air na sléiḃtiḃ: pobal mór láidir; naċ ḃfacus a leiṫéid, agus naċ biáiḋ ní sa ṁó na ḋiáiġ, eaḋon go blíaḋuin ṁóráin ginealaċ.
Tuilleaṁ oile, cred ḃur nimṫeaċdsa orumsa, a Ṫíor, agus a Ṡídon, agus uile ċóstaḋa Ṗalestin? an ccúiteoċṫaói luáiḋeaċd riom? agus má leasuiġionn siḃ riom, filltiḋ mé go lúaṫ agus go tapuiḋ ḃur ccúitiuġaḋ air ḃur ccionn féin;
Iarruiḋ an té do ní na seaċt réulta agus Orion, agus iompoiġios scáile an ḃáis a maidin, agus do ní an lá dorċa ris a noiḋċe: noċ ġoirios air uisgeaḋuiḃ na fairge, agus ḋóirtios amaċ íad ar ġnúis na talṁan: isé An TIĠEARNA a ainm:
Ar an mball ndíaiġ trioblóide na laiṫeaḋ úd bíaiḋ an ġrían ar ua ḋorċuġaḋ, agus ní ṫioḃra an ġealaċ a soillsi úaiṫe, agus tuitfid na réulta ó neaṁ, agus craiṫfiḋṫear suḃáilciḋe neiṁe.
Agus do ḟéuċ mé an tan do ḟosguil sé an seiseaḋ séula, agus, féuċ, do ċríoṫnuiġ an talaṁ go mór; agus do rinneaḋ an ġrían cóṁḋorċa ré héudaċ róin, agus do rinneaḋ an ġealaċ uile cósṁuil ré fuil;
Agus do ṡéid an ceaṫraṁaḋ aingeal a sdoc, agus do buáileaḋ an treas cuid don ġréin, agus an treas cuid don ġealuiḋ, agus an treas cuid do na réultuiḃ; ionnus go ndearnaḋ an treas cuid dioḃ dorċa, agus níor ḋeallruiġ an lá an treas cuid de, agus a noiḋċe mar an gcéudna.
Agus do ḟosguil sé an poll duḃaigéin; agus do éiriḋ deataċ as an bpoll, aṁuil as úaṁuiġ ṁóir ṫeineaḋ; agus do rinneaḋ an ġrían agus an taiéur dorċa ó ḋeatuiġ an ṗuill.